An difríocht idir athruithe ar: "Nua-Gheirsí"

Content deleted Content added
No edit summary
nasc srl.
Líne 48:
 
An dara réigiún is mó (agus an chéad réigiún eile, ag dul ó thuaidh) is ea an Piedmont ("cos na sléibhte"). Tá an Piedmont ina chrios, timpeall 20 míle ar fad, a théann ó [[Alabama]] soir ó thuaidh go Nua-Eabhrac. De bharr an n-aibhneacha agus na n-easaanna a thug fuinneamh don tionsclaíocht san am atá thart, agus de bharr a chóngaraí agus atá sé do chathair Nua-Eabhrac, cónaíonn isteach is amach le 60% de dhaonra New Jersey sa Piedmont.
[[Íomhá:Cranberrys beim Ernten.jpeg|mion|clé|Monóga[[Mónóg]]a á gcruinniú i ndiaidh a mbainte i ndeisceart New Jersey]]
 
Ag dul siar ó thuaidh ón Piedmont bhuailfeá le hArdtalamh Shasana Nua nó na Tailte Arda mar a thugtar orthu níos minice. Crios comhthreomhar leis an Piedmont atá ann ach é leath chomh leathan, suas le 10 míle slí ar fad. Sa chúinne den stát san iarthuaisceart tá an ceathrú réigiún, mar atá an Droim agus Gleann Mór Apaláiseach. Ní ach cuid bheag den Ghleann Mór é seo: dála [[na Sléibhte Apaláiseacha]] féin, síníonn sé trí chuid mhaith d'oirthear na Stát Aontaithe. Na Sléibhte Kittatinny a thugtar ar na sléibhte i dtuaisceart an réigiúin seo. Tá [[sceall]] agus [[aolchloch]] coitianta ann.
Líne 61:
[[Íomhá:Delaware Water Gap from I 80.jpg|mion|clé|Dobharbhearna an Delaware idir New Jersey (ar dheis) agus Pennsylvania (ar clé)]]
 
Thug an Rí [[Séamas II Shasana|Séamas II]] an talamh ar fad idir na haibhneacha Hudson agus Delaware (.i. New Jersey) do bheirt chairde a sheas leis an Teaghlach Ríoga le linn [[Cogadh Cathartha Shasana|Chogadh Cathartha Shasana]], mar atá, Sir George Carteret agus agus an Tiarna Berkeley of Stratton. Ainmníodh an áit Cúige New Jersey in onóir an oileán [[Geirsí|Gheirsí]], a thug tearmann don Rí [[Séarlas II Shasana|Séarlas II]] sa chogadh (agus arbh í an áit inar rugadh Carteret í Gheirsí freisin).
 
Cuireadh an chéad tearmann Indiach sna Stáit Aontaithe ar bun in Indian Mills, i lár dheisceart New Jersey, sa bhliain 1758.