An difríocht idir athruithe ar: "An Fhrainc"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 50:
San iomlán, tá achar 547,026 km ² sa "Fhrainc Dhúthach" (Eorpach), ar a dtugtar l'Hexagone, an "Heicseagán", uaireanta, mar gheall ar a cruth. Tá cóstaí ag an Fhrainc san iarthar, sa tuaisceart agus sa deisceart, tá a tírdhreach múnlaithe den chuid is mó ag mánna nó cnoic. Tá an chuid thoir theas den tír sléibhtiúil; is iad na príomh-shliabhraonta na [[Piréiní]], an [[Massif Central]], [[na hAlpa]] agus na [[Vosges]] san oirthear. Is é [[Mont Blanc]] an sliabh is airde sa Fhrainc agus sna hAlpa (4,810 m).
 
=== Aeráide ===
Tá aeráide éadrom ag an tuaisceart agus an iarthuaisceart. San oirdheisceart, tá aeráide mheánmhara. San iarthar, tá an aeráide den chuid is mó aigéanach le go leor báisteach, geimhreadh éadróm agus samhradh te.
=== Cathracha ===
Is í an phríomhchathair [[Páras]] an chathair is tábhachtaí agus is mó sa bhFrainc le níos mó ná deich milliún áitritheoir i limistéar na cathrach (Réigiún Ile-de-France). Tá níos mó ná milliún áitritheoir sna ceantair uirbeacha timpeall Marseille agus Lyon freisin.