An difríocht idir athruithe ar: "Doire"

Content deleted Content added
No edit summary
Meabhar (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 5:
Rinne an Rí Séamus II iarracht an chathair a ghabháil i 1689 ach bhí an lucht cosanta ábalta seasamh ina choinne go dtí gur tháinig an cabhlach i gcabhair orthu. Déantar léigear Dhoire a chomóradh ar an 12 Lúnasa gach bliain ag aontachtóirí agus dílseoirí na cathrach.
 
D'fhás Doire go mór sa naoú haois déag mar gheall ar an tionsclaíocht. Bhí monarchana léinte sa chathair agus sna bailte máguaird. Ach tar éis Críochdheighilt na hÉireann tháinig meath ar an gcathair agus bhí dífhostaíocht an-ard ann, go háirithe i measc na gCaitliceach a bhí ina dtromlach sa chathair. Thosaigh feachtas ar son cearta vótála agus tithíochta sa chathair sna seascadaí. Rinne Rialtas na Sé ChontaegChontaethe iarracht an ghluaiseacht cearta sibhialta a chur faoi chois le lámh láidir, ach d'eascair feachtas fuilteach as an iarracht sin. Dúnadh ceantair iomlána sa chathair agus bhí ciréibeanna fuilteacha ann ó 1968 i leith. Rinne Arm na Breataine ionradh ar Thaobh an Bhogaigh, an príomhcheantar [[Caitliceachas|Caitliceach]] i 1972, ach lean feachtas buamála agus maraithe ar aghaidh ar feadh breis is fiche bliain eile. De réir a chéile rinneadh iarracht caighdeán tithíochta na cathrach a fheabhsú agus na cearta céanna a thabhairt do gach duine, agus tá an chathair ag bláthú le deich mbliana anuas, go háirithe ó chuir na Sealadaigh deireadh lena bhfeachtas míleata.
 
Tá timpeall ochtó míle duine i nDoire anois.