An difríocht idir athruithe ar: "Ollscoil Princeton"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Nassau Hall, Princeton.jpg|mion|Nassau Hall, Ollscoil Princeton]]
Ollscoil phríobháideach suite in [[Princeton, New Jersey|Princeton]], [[New Jersey]] is ea '''Ollscoil Princeton'''. Bhunaígh Preisbitéirigh an tSolais Nua an scoil sa bhliain 1746 le ministéirí a oiliúint. Coláiste New Jersey an t-ainm a bhí ar an scoil ar dtús agus í suite sa chéad bhliain in [[Elizabeth, New Jersey]]. Bogadh an coláiste go [[Newark, New Jersey|Newark]] ansin mar ar fhan sé go raibh Nassau Hall in Princeton críochnaithe sa bhliain 1756. Áirítear Princeton mar cheann de na Naoi nOllscoil Choilíneach a bunaíodh roimh fhógairt neamhspleáchais na [[SAM|Stát Aontaithe]] sa bhliain 1776. Ollscoil Princeton a baisteadh air sa bhliain 1896.
 
Fuair [[Woodrow Wilson]], 28ú uachtarán na Stát Aontaithe, a chéim bhaitsiléara amach ó Princeton agus sa bhliain 1902 ceapadh é mar 13ú huachtarán na hOllscoile céanna. Chaith [[Albert Einstein]] tamall ar champas Princeton sna 1930idí mar bhí sé ina bhall den Institute of Advanced Studies agus bhí oifigí an IAS suite ar an gcampas sa tréimhse sin. Ní cuid de Ollscoil Princeton é an IAS, áfach, agus ní raibh aon bhaint ag Einstein léi ach oiread mar sin.