An difríocht idir athruithe ar: "Litríocht na Gaeilge"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 1:
Tá '''litríocht na Gaeilge''' á saothrú le míle go leith bliain. Ba í an Ghaeilge an teanga liteartha ba thábhachtaí in Éirinn anuas go dtí an 19ú haois, cé go raibh an teanga ag cúlú de réir a chéile ón 17ú haois amach. Tá daoine ag scríobh i nGaeilge ón 7ú haois amach agus ba ghearr gur tháinig bláthú suntasach ar an litríocht sin. De réir a chéile beartaíodh ‘Gaeilge na scol,’ canúint liteartha a bhí á úsáid in Albain agus in Éirinn araon anuas go dtí an 17ú haois. Bhí litríocht fhoirmiúil phoiblí ann agus saothair eile a bhí níos pearsanta, leithéidí na ndánta cúirtéiseacha grá. Tríd is tríd, cuireadh an treise ar an bhfilíocht seachas ar an prós. San 18ú haois, tar éis imeacht na seanphátrún, bhí litríocht ghreanta ghalánta á cumadh fós, ach chuaigh cúrsaí litríochta i laige sa dara cuid den 19ú haois de réir mar a mheath an teanga. I ndeireadh na haoise sin, áfach, tháinig neart suntasach sa náisiúnachas cultúrtha agus Athbheochan na Gaeilge mar chomhartha air. Uaidh sin amach bhí litríocht nua-aoiseach á saothrú i nGaeilge, agus sa 20ú haois tháinig cuid den scríbhneoireacht is fearr in Éirinn ó lámh na scríbhneoirí Gaeilge.
Áirítear '''litríocht na Gaeilge''' ar ceann de na traidisiúin [[litríocht|liteartha]] is sine s[[an Eoraip]] in aon [[teanga (cumarsáid)|teanga]] nach í an [[Laidin]] í. Bhí an Laidin á saothrú in [[Éirinn]] ó theacht na [[Críostaíocht]]a freisin, ar ndóigh, ach bhí na [[Gael|Gaeil]] i bhfad ní ba luaithe ag saothrú a dteanga féin sa litríocht ná an chuid ba mhó de mhuintir Iarthar na hEorpa.
 
== Ón ré is luaithe anuas go dtí na Meánaoiseanna: 500–1500==
== Ré na Sean-Ghaeilge ==
[[File:Irish writing.jpg|thumb|261px|right|Scríbhneoireacht de chuid an 8ú haois.]]
Is follasach gurb í an litríocht chráifeach an litríocht ba sine i Sean-Ghaeilge, agus gur theastaigh ó na manaigh Éireannacha ábhar reiligiúnda a scríobh do na daoine ina dteanga dhúchais féin. Is dócha gur cumadh na chéad iomainn eaglasta agus na chéad urnaithe fileata sa Ghaeilge chomh moch leis an [[16ú haois|séú haois]]. Is é ''Amra Choluim Chille'' an píosa is sine den chineál seo litríochta atá fágtha againn. Gaeilge thar a bheith seanársa atá ann, níos ársa fiú ná an chuid is mó den tSean-Ghaeilge, agus cuma sheanfhaiseanta ar an meadaracht a chleachtaítear ansin fosta. Is dóigh leis na saineolaithe gurbh é Dallán Forgaill a cheap an saothar seo i ndeireadh na séú haoise, nuair a fuair [[Colm Cille]] bás.
Tá ceann de na litríochtaí iar-Chlasaiceacha is sine in Iarthar Eorpa ag an nGaeilge.<ref>[http://www.krysstal.com/langfams_indoeuro.html The Indo-European Family of Languages]</ref>
 
Chuaigh na hÉireannaigh i mbun scríobh agus léamh na teanga san aibítir Rómhánach ar theacht na Críostaíochta sa 5ú haois, nuair a thug misinéirí an Laidin chun na hÉireann. Dá bhrí sin tháinig dream nua léannta ar an bhfód, idir thuataí agus chléir. Roimhe sin bhí feidhm á baint as an ogham le haghaidh inscríbhinní.<ref>Dillon and Chadwick (1973), pp. 241–250</ref><ref>Caerwyn Williams agus Ní Mhuiríosa (1979), lgh 54–72</ref>
Sa tréimhse chéanna a scríobhadh ''Félire Oengusso''. Mar is léir ón teideal, féilire atá ann agus é scríofa i bhfoirm fhileata: tá dán ansin do gach lá i rith na bliana, agus ábhar reiligiúnda ann, nó tugann gach dán acu seo cur síos ar naomh an lae agus ar na héachtaí a rinne sé ar mhaith leis an gcreideamh.
 
Is éard atá sa chuid is luaithe de litríocht na Gaeilge scéalta atá bunaithe ar bhéaloideas ársa agus liricí. Cumadh an fhilíocht is luaithe sa 6ú haois agus thugann sé léargas ar an spioradáltacht nó ar an dúlra. Uaireanta scríobhadh í ar imeall lámhscríbhinní maisithe.
== Litríocht na Meán-Ghaeilge ==
Saothar tábhachtach eile den chineál chéanna is ea ''Saltair na Rann'' ó dheireadh na deichiú haoisea; : céad go leith de ranna atá ann agus ábhair Bhíobla á gcardáil iontu.
 
Lámhscríbhinn maisithe is ea ''[[Leabhar Ard Mhacha]]'' a scríobhadh sa 9th haois. I Laidin atá an chuid is mó di ach tá roinnt de na samplaí is sine den Sean-Ghaeilge le fáil ann freisin. Tá sí ar na lámhscríbhinní is luaithe de chuid na nInse a bhfuil cóip beagnach iomlán den Tiomna Nua ann. Ferdomnach Ard Macha (a d’éag in 845 nó 846) an scríobhaí a rinne í. Scríobh sé an chéad chuid den lámhscríbhinn in 807 or 808 do Thorbach, comharba Phádraig.
Tháinig go leor litríochta eile ar an tsaol le linn ré na Meán-Ghaeilge. Chum Flann Mainistreach (1000-1056) dánta staire. Cumadh an Dinnshenchas le linn ré na Meán-Ghaeilge freisin.
 
Tugann [[Annála Uladh]] cuntas ar na blianta idir 431 agus 1540. Bhreac [[Ruaidhrí Ó Luinín]] na hiontrálacha anuas go dtí an bhliain 1489 dá phátrún [[Cathal Óg Mac Maghnusa]] ar oileán i [[Loch Éirne]].
Tá leaganacha Meán-Ghaeilge d'eipicí Laidine ann, mar shampla Cogadh na gCarad le Lucánas. Sampla eile de litríocht na linne seo is ea [[Aislinge Meic Con Glinne]].
Scríobhadh an [[Rúraíocht]] sa 12ú haois agus cuireann sí síos ar laochra a bhain le hoirthear Chúige Uladh agus tuaisceart Chúige Laighean. Prós is mó atá ann agus sleachta filíochta tríd. Tá cuid den ábhar i Sean-Ghaeilge agus cuid eile i Meán-Ghaeilge. Bhaineann friotal na scéalta is luaithe leis an 8ú haois agus tá tagairt déanta do phearsana agus d’imeachtaí i ndánta a bhaineann leis an 7ú haois.<ref>Garret Olmsted, "The Earliest Narrative Version of the ''Táin'': Seventh-century poetic references to ''Táin bó Cúailnge''", ''Emania'' 10, 1992, lgh 5–17</ref>
 
Tá an t-uafás filíochta ann a cumadh sna Meánaoiseanna agus ina dhiaidh sin. Faoin 12ú haois bhí ceisteanna stíle, friotal agus foclóra socraithe, agus is beag athrú a tháinig ar an scéal idir é sin agus an 17ú haois.<ref>Caerwyn Williams agus Ní Mhuiríosa (1979), lgh 147–156</ref> Ba thábhachtaí an fhilíocht ná an prós mar mheán litríochta. Ba chanúint ghreanta fheidhmiúil í Gaeilge na scol agus meadarachtaí casta ag baint léi, agus múineadh í sna scoileanna léinn in Éirinn agus in Albain araon.<ref>Féach réamhrá Knott (1981).</ref> Staraithe, dlíodóirí agus filí a fáisceadh as na scoileanna, dream a bhíodh ag brath ar na huaisle mar phátrúin. Cumadh roinnt mhór véarsaíochta comhghnásaí a mhol nó a chaoin na pátrúin úd, ach cumadh roinnt filíochta den scoth freisin agus dánta pearsanta san áireamh. Bhí iomrá ar leith le [[Gofraidh Fionn Ó Dálaigh]] (sa 14ú haois), le [[Tadhg Óg Ó hUiginn]] (sa 15ú haois) agus le h[[Eochaidh Ó hEoghusa]] (sa 16ú haois) agus bhaintí tairbhe as an bhfilíocht is fearr mar áis foghlama sna scoileanna. Bhí “leabhar” (bailiúchán mór lámhscríbhinní lán d’ábhar ginealach agus eile) ag gach teaghlach uasal.<ref>Caerwyn Williams agus Ní Mhuiríosa (1979), lgh 150–194</ref> Bhain na filí ba léannta leis an gcuid ab airde céim den phobal: b’fheidhmeannaigh chúirte iad ach síleadh go raibh cumhacht dhraíochtúil acu freisin.<ref>Tá cuntas ar an gcumhacht sin agus dlúthbhaint aici le taobh sóisialta agus liteartha na ceirde in Ó hÓgáin (1982).</ref>
== Ré na Nua-Ghaeilge Moiche ==
Bhí na cúirteanna filíochta an-tábhachtach le linn ré na Nua-Gaeilge Moiche. Filí clúiteacha ba ea Dhonnchadh Mór Ó Dálaigh (1175-1244), Muireachadh Albanach Ó Dálaigh (1180-1250), Gofraidh Fionn Ó Dálaigh (1320-87), Tadhg Dall Ó hUiginn (1550-91), Eochaidh Ó hEodhusa (1567-1617), Fear Flatha Ó Gnímh (1602-1640) agus ar uile. Tháinig na filí le chéile ag tórramh nó ag tithe tabhairne, mar shampla, chun a gcuid filíochta a mheas agus a fhorbairt. "Cúirteanna Filíochta" a thugaidís ar na cruinnithe seo. Ghlac siad téarmaíocht an dlí chucu féin, mar shampla, thug siad 'sirriam' ar chathaoirleach na cúirte agus chuir siad 'barántas' amach chuig na filí chun teacht le chéile. I gCúige Mumhan is mó a bhíodh na cúirteanna seo - An Bhlarna, Cromadh, Ráth Luairc, Sliabh gCua agus Sliabh Luachra. Ghlac Diarmaid Mac Cárthaigh, Seán Ó Tuama, Aindrias Mac Craith, Seán Clárach Mac Domhnaill, Donncha Rua Mac Conmara, Eoghan Rua Ó Súilleabháin agus Aogán Ó Rathaille páirt ins na cúirteanna seo.
 
Bhí tábhacht leis an Dinnseanchas (''Dindsenchas''), dánta a thug cuntas ar logainmeacha na hÉireann agus a luaigh imeachtaí agus pearsana a bhain leis na háiteanna sin. Eolas é a bhí fite fuaite in oiliúint agus i saothar na bhfilí.
Baineann go leor de litríocht na [[Fiannaíocht]]a leis an ré seo freisin, chomh maith le go leor litríochta inste nó reiligiúnda.
 
:Dofaíd Medb, dofaíd a slúag,<br/>
:is fata a ail, is cían<br/>
:apraid in fail de sin,<br/>
:rádid fír ocus fegaid.<ref>Sliocht as ‘Fert Medba,’ The Metrical Dindseanchas, Corpus of Electronic Texts: http://www.ucc.ie/celt/published/G106500D/index.html</ref>
 
:(''D’imigh Méabh, d’imigh a slua; is ard a leac agus is cian; abair a bhfuil de thoradh air sin, inis an fhírinne agus féach.'')
 
Ní raibh mná le fáil i measc na bhfilí ba léannta, ach bhí léamh agus scríobh ag roinnt ban uasal ar a laghad, agus tá dánta againn a scríobh cuid acu sa 16ú agus sa 17ú haois. Ar na filí sin tá [[Isibeul Ní Mhic Chailín]] (1499-?),<ref>Uimh. 54 in Ó Rathile: “Mairg darab galar an grádh”.</ref> [[Brighid, iníon Éinrí Mhic Ghearailt]] (c. 1589-1682),<ref>Ní Dhonnachadh, lgh 387-88,</ref>, Fionnghuala, iníon Dhomhaill Uí Bhriain (c. 1577?),<ref>Ní Dhonnachadh, lch 395.</ref> agus Caitilín Dubh (fl. 1624-9).<ref>Ní Dhonnachadh, lgh 399-403.</ref> D’fhéadfadh mná a bheith ina bpátrúin mhóra freisin, mar a bhí Mairgréag Ní Chearbhaill sa 15ú haois agus í molta ag na filí as a féile.<ref>Caerwyn Williams agus Ní Mhuiríosa (1979), lgh 165–6.</ref>
 
Bhí an prós á shaothrú i gcónaí sna Meánaoiseanna. Tháinig scéalta nua isteach leis na Normannaigh sa 12ú haois agus d’fhág siad a rian ar an traidísiún dúchasach. Tamall ina dhiaidh sin bhí scéalta á n-aistriú ón mBéarla.<ref>Caerwyn Williams agus Ní Mhuiríosa (1979), lch 149.</ref>
 
== Litríocht Iar-Chlasaiceach ==
Line 43 ⟶ 54:
Go háirithe i ndiaidh an dara cogadh domhanda, chuaigh scríbhneoirí neamh-Ghaeltachta i mbun pinn, daoine nár fhoghlaim an teanga ach ar scoil. Rinne cuid acu léirscrios ar an teanga leis na struchtúir amscaí Béarlachais a d'úsáididis ina gcuid scríbhneoireachta, ach ón taobh eile de, d'éirigh le cuid acu téamaí nua a thabhairt isteach i litríocht na teanga. Áirítear [[Diarmaid Ó Súilleabháin]] agus [[Eoghan Ó Tuairisc]] ar daoine de na scríbhneoirí is tábhachtaí acu siúd. Bhí Eoghan Ó Tuairisc ina dhealbhadóir agus ina ealaíontóir sula ndeachaigh sé leis an scríbhneoireacht. Scríobh sé na húrscéalta tábhachtacha stairiúla ''L'Attaque'', faoi imeachtaí Bhliain na bhFrancach i g[[Contae Mhaigh Eo]], agus ''Dé Luain'', faoi [[Éirí Amach na Cásca]]. Tá an leabhar seo scríofa de réir mar a chomhcheanglaítear na smaointí, seachas de réir mar a thiteann na himeachtaí amach. Scríobh [[Breandán Ó Doibhlin]] aistí agus úrscéalta uaillmhianacha nua-aimseartha, agus bhí [[Seán Ó Riordáin]] ar fhilí móra na tíre de réir gach caighdeán.
 
==Scríbhneoirí Gaeilge tharlasmuigh leard'Éirinn==
{{Príomhalt|Scríbhneoirí Gaeilge thar lear}}
 
Tá roinnt scríbhneoirí Gaeilge le fáil i dtíortha lasmuigh d’Éirinn. In Éirinn a rugadh a bhformhór ach tá údair ann a rugadh san Ísiltír ([[Alex Hijmans]]), i Meiriceá ([[Séamas Ó Neachtain]]), is[[an bhFionnlainnFhionnlainn]] ([[Panu Petteri Höglund]]) agus san Astráil (Colin Ryan). Tá úrscéalta, gearrscéalta agus filíocht foilsithe acu agus an Ghaeilge á húsáid acu mar theanga oibre, chruthaíochta agus chaidrimh seachas mar chomhartha féiniúlachta.<ref>[http://breac.nd.edu/articles/38920-interdisciplinary-perspectives-on-transnational-irish-language-writing-2/] Máirín Nic Eoin, 'Interdisciplinary Perspectives on Transnational Irish-Language Writing'.</ref>
 
==Nótaí==
{{reflist}}
 
==Tagairtí==
*Caerwyn Williams, J.E. agus Ní Mhuiríosa, Máirín (1979). ''Traidisiún Liteartha na nGael''. An Clóchomhar Tta. Baile Átha Cliath.
 
*Corkery, Daniel (1925). ''The Hidden Ireland: A Study of Gaelic Munster in the Eighteenth Century''. M.H. Son, Ltd. Dublin.
 
*Céitinn, Seathrún (1982) (eag. De Barra, Pádraig). ''Foras Feasa ar Éirinn, Athnua 1 & 2''. Foilseacháin Náisiúnta Teoranta. Baile Átha Cliath. (Le litriú nuachóirithe.)
 
*De Bhaldraithe, Tomás (eag.) (1976 – an tríú cló). ''Cín Lae Amhlaoibh''. An Clóchomhar Tta. Baile Átha Cliath. ISBN 978-0-7171-0512-0. Leagan giorraithe.
 
*De Brún, Pádraig and Ó Buachalla, Breandán and Ó Concheanainn, Tomás (1975 – second printing) ''Nua-Dhuanaire: Cuid 1''. Institiúid Ardléinn Bhaile Átha Cliath.
 
*Dillon, Myles and Chadwick, Nora (1973). ''The Celtic Realms''. Cardinal. London. ISBN 978-0-351-15808-7 Lgh 298–333.
 
*Williams, .J.A. (ed.) (1981). ''Pairlement Chloinne Tomáis''. Dublin Institute for Advanced Studies. Dublin.
*Knott, Eleanor (1981 – an dara cló). ''An Introduction to Irish Syllabic Poetry of the Period 1200–1600''. Dublin Institute for Advanced Studies. Dublin.
 
*Merriman, Brian: Ó hUaithne, Dáithí (eag.) (1974 – fourth printing). ''Cúirt an Mheán Oíche''. Preas Dolmen. Baile Átha Cliath. ISBN 978-0-85105-002-7
 
*Mac Aonghusa, Proinsias (1979). ‘An Ghaeilge i Meiriceá’ in ''Go Meiriceá Siar'', Stiofán Ó hAnnracháin (ed.). An Clóchomhar Tta.
 
*Ní Dhonnchadha, Máirín (eag.). ‘Courts and Coteries II,’ ''The Field Day Anthology of Irish Writing'', Vol. IV: Irish Women’s Writings and Traditions. Cork University Press 2002. ISBN 0-8147-9908-6
 
*Nicholls, Kenneth (1972). ''Gaelic and Gaelicised Ireland in the Middle Ages''. Gill and MacMillan. Dublin. ISBN 978-0-7171-0561-8
 
*Ó Conluain, Proinsias and Ó Céileachair, Donncha (1976 – an dara cló). ''An Duinníneach''. Sáirséal agus Dill. ISBN 978-0-901374-22-6
 
*Ó hÓgáin, Dáithí (1982). ''An File''. Oifig an tSoláthair. Baile Átha Cliath.
 
*Ó Madagáin, Breandán (1980 – second edition). ''An Ghaeilge i Luimneach 1700–1900''. An Clóchomhar Tta. Baile Átha Cliath. ISBN 978-0-7171-0685-1
 
 
== Naisc sheachtracha ==