Osclóidh seo an príomhroghchlár

Changes

no edit summary
Tá '''litríocht na Gaeilge''' á saothrú le míle go leith bliain. Ba í an Ghaeilge an teanga liteartha ba thábhachtaí in Éirinn anuas go dtí an 19ú haois, cé go raibh an teanga ag cúlú de réir a chéile ón 17ú haois amach. Tá daoine ag scríobh i nGaeilge ón 7ú haois amach agus ba ghearr gur tháinig bláthú suntasach ar an litríocht sin. De réir a chéile beartaíodh ‘Gaeilge na scol,’ canúint liteartha a bhí á úsáid in Albain agus in Éirinn araon anuas go dtí an 17ú haois. Bhí litríocht fhoirmiúil phoiblí ann agus saothair eile a bhí níos pearsanta, leithéidí na ndánta cúirtéiseacha grá. Tríd is tríd, cuireadh an treise ar an bhfilíocht seachas ar an prósbprós. San 18ú haois, tar éis imeacht na seanphátrún, bhí litríocht ghreanta ghalánta á cumadh fós, ach chuaigh cúrsaí litríochta i laige sa dara cuid den 19ú haois de réir mar a mheath an teanga. I ndeireadh na haoise sin, áfach, tháinig neart suntasach sa náisiúnachas cultúrtha agus Athbheochan na Gaeilge mar chomhartha air. Uaidh sin amach bhí litríocht nua-aoiseach á saothrú i nGaeilge, agus sa 20ú haois tháinig cuid den scríbhneoireacht is fearr in Éirinn ó lámh na scríbhneoirí Gaeilge.
 
== Ón ré is luaithe anuas go dtí na Meánaoiseanna: 500–1500==
Tá ceann de na litríochtaí iar-Chlasaiceacha is sine in Iarthar Eorpa ag an nGaeilge.<ref>[http://www.krysstal.com/langfams_indoeuro.html The Indo-European Family of Languages]</ref>
 
Chuaigh na hÉireannaigh i mbun scríobh agus léamh na teanga san aibítir Rómhánach ar theacht na Críostaíochta sa 5ú haois, nuair a thug misinéirí an Laidin chun na hÉireann. Dá bhrí sin tháinig dream nua léannta ar an bhfód, idir thuataí agus chléir. Roimhe sin bhí feidhm á baint as an ogham le haghaidh inscríbhinní.<ref>Dillon and Chadwick (1973), pp.lgh 241–250</ref><ref>Caerwyn Williams agus Ní Mhuiríosa (1979), lgh 54–72</ref>
 
Is éard atá sa chuid is luaithe de litríocht na Gaeilge scéalta atá bunaithe ar bhéaloideas ársa agus liricí. Cumadh an fhilíocht is luaithe sa 6ú haois agus thugann sé léargas ar an spioradáltacht nó ar an dúlra. Uaireanta scríobhadh í ar imeall lámhscríbhinní maisithe.
Tugann [[Annála Uladh]] cuntas ar na blianta idir 431 agus 1540. Bhreac [[Ruaidhrí Ó Luinín]] na hiontrálacha anuas go dtí an bhliain 1489 dá phátrún [[Cathal Óg Mac Maghnusa]] ar oileán i [[Loch Éirne]].
Scríobhadh an [[Rúraíocht]] sa 12ú haois agus cuireann sí síos ar laochra a bhain le hoirthear Chúige Uladh agus tuaisceart Chúige Laighean. Prós is mó atá ann agus sleachta filíochta tríd. Tá cuid den ábhar i Sean-Ghaeilge agus cuid eile i Meán-Ghaeilge. Bhaineann friotal na scéalta is luaithe leis an 8ú haois agus tá tagairt déanta do phearsana agus d’imeachtaí i ndánta a bhaineann leis an 7ú haois.<ref>Garret Olmsted, "The Earliest Narrative Version of the ''Táin'': Seventh-century poetic references to ''Táin bó Cúailnge''", ''Emania'' 10, 1992, lgh 5–17</ref>
 
Sna seanmhainistreacha dúchais a scríobhadh tromlach na lámhscríbhinní ón tréimhse ón 9ú go dtí an 12ú haois. Ón 13ú haois anuas go dtí an 17ú haois, áfach, bhí na lámhscríbhinní á scríobh ag dream eile, baill de theaghlaigh mhóra liteartha, Clann Mhic Aodhagáin, Clann Mhic Fhir Bhisigh, Muintir Chléirigh, Muintir Dhálaigh, Muintir Dhuinnín, Clann Uí Mhaolchonaire agus eile. Ba faoi choimirce clann uaisle áirithe a shaothraigh formhór mór na dteaghlach seo.<ref>Caerwyn Williams agus Ní Mhuiríosa (1979), lgh 102-3.</ref>
 
Tá an t-uafás filíochta ann a cumadh sna Meánaoiseanna agus ina dhiaidh sin. Faoin 12ú haois bhí ceisteanna stíle, friotal agus foclóra socraithe, agus is beag athrú a tháinig ar an scéal idir é sin agus an 17ú haois.<ref>Caerwyn Williams agus Ní Mhuiríosa (1979), lgh 147–156</ref> Ba thábhachtaí an fhilíocht ná an prós mar mheán litríochta. Ba chanúint ghreanta fheidhmiúil í Gaeilge na scol agus meadarachtaí casta ag baint léi, agus múineadh í sna scoileanna léinn in Éirinn agus in Albain araon.<ref>Féach réamhrá Knott (1981).</ref> Staraithe, dlíodóirí agus filí a fáisceadh as na scoileanna, dream a bhíodh ag brath ar na huaisle mar phátrúin. Cumadh roinnt mhór véarsaíochta comhghnásaí a mhol nó a chaoin na pátrúin úd, ach cumadh roinnt filíochta den scoth freisin agus dánta pearsanta san áireamh. Bhí iomrá ar leith le [[Gofraidh Fionn Ó Dálaigh]] (sa 14ú haois), le [[Tadhg Óg Ó hUiginn]] (sa 15ú haois) agus le h[[Eochaidh Ó hEoghusa]] (sa 16ú haois) agus bhaintí tairbhe as an bhfilíocht is fearr mar áis foghlama sna scoileanna. Bhí “leabhar” (bailiúchán mór lámhscríbhinní lán d’ábhar ginealach agus eile) ag gach teaghlach uasal.<ref>Caerwyn Williams agus Ní Mhuiríosa (1979), lgh 150–194</ref> Bhain na filí ba léannta leis an gcuid ab airde céim den phobal: b’fheidhmeannaigh chúirte iad ach síleadh go raibh cumhacht dhraíochtúil acu freisin.<ref>Tá cuntas ar an gcumhacht sin agus dlúthbhaint aici le taobh sóisialta agus liteartha na ceirde in Ó hÓgáin (1982).</ref>
5,617

edits