Osclóidh seo an príomhroghchlár

Changes

no edit summary
Tá ceann de na litríochtaí iar-Chlasaiceacha is sine in Iarthar Eorpa ag an nGaeilge.<ref>[http://www.krysstal.com/langfams_indoeuro.html The Indo-European Family of Languages]</ref>
 
Chuaigh na hÉireannaigh i mbun scríobh agus léamh na teanga san aibítir Rómhánach ar theacht na Críostaíochta sa 5ú haois, nuair a thug misinéirí an Laidin chun na hÉireann. Dá bhrí sin tháinig dream nua léannta ar an bhfód, idir thuataí agus chléir. Roimhe sin bhí feidhm á baint as an ogham le haghaidh inscríbhinní.<ref>Dillon andagus Chadwick (1973), lgh 241–250</ref><ref>Caerwyn Williams agus Ní Mhuiríosa (1979), lgh 54–72</ref>
 
Is éard atá sa chuid is luaithe de litríocht na Gaeilge scéalta atá bunaithe ar bhéaloideas ársa agus liricí. Cumadh an fhilíocht is luaithe sa 6ú haois agus thugann sé léargas ar an spioradáltacht nó ar an dúlra. Uaireanta scríobhadh í ar imeall lámhscríbhinní maisithe.
Sna seanmhainistreacha dúchais a scríobhadh tromlach na lámhscríbhinní ón tréimhse ón 9ú go dtí an 12ú haois. Ón 13ú haois anuas go dtí an 17ú haois, áfach, bhí na lámhscríbhinní á scríobh ag dream eile, baill de theaghlaigh mhóra liteartha, Clann Mhic Aodhagáin, Clann Mhic Fhir Bhisigh, Muintir Chléirigh, Muintir Dhálaigh, Muintir Dhuinnín, Clann Uí Mhaolchonaire agus eile. Ba faoi choimirce clann uaisle áirithe a shaothraigh formhór mór na dteaghlach seo.<ref>Caerwyn Williams agus Ní Mhuiríosa (1979), lgh 102-3.</ref>
 
Tá an t-uafás filíochta ann a cumadh sna Meánaoiseanna agus ina dhiaidh sin. Faoin 12ú haois bhí ceisteanna stíle, friotal agus foclóra socraithe, agus is beag athrú a tháinig ar an scéal idir é sin agus an 17ú haois.<ref>Caerwyn Williams agus Ní Mhuiríosa (1979), lgh 147–156</ref> Ba thábhachtaí an fhilíocht ná an prós mar mheán litríochta. Ba chanúint ghreanta fheidhmiúil í Gaeilge na scol agus meadarachtaí casta ag baint léi, agus múineadh í sna scoileanna léinn in Éirinn agus in Albain araon.<ref>Féach réamhrá Knott (1981).</ref> Staraithe, dlíodóirí agus filí a fáisceadh as na scoileanna, dream a bhíodh ag brath ar na huaisle mar phátrúin. Cumadh roinnt mhór véarsaíochta comhghnásaí a mhol nó a chaoin na pátrúin úd, ach cumadh roinnt filíochta den scoth freisin agus dánta pearsanta san áireamh. Bhí iomrá ar leith le [[Gofraidh Fionn Ó Dálaigh]] (sa 14ú haois), le [[Tadhg Óg Ó hUiginn]] (sa 15ú haois) agus le h[[Eochaidh Ó hEoghusa]] (sa 16ú haois) agus bhaintí tairbhe as an bhfilíocht is fearr mar áis foghlama sna scoileanna. Bhí “leabhar” (bailiúchán mór lámhscríbhinní lán d’ábhar ginealach agus eile) ag gach teaghlach uasal.<ref>Caerwyn Williams agus Ní Mhuiríosa (1979), lgh 150–194</ref> Bhain na filí ba léannta leis an gcuid ab airde céim den phobal: b’fheidhmeannaigh chúirte iad ach síleadh go raibh cumhacht dhraíochtúil acu freisin.<ref>Tá cuntas ar an gcumhacht sin in Ó hÓgáin (1982) agus dlúthbhaint aici le taobh sóisialta agus liteartha na ceirde in Ó hÓgáin (1982).</ref>
 
Bhí tábhacht leis an Dinnseanchas (''Dindsenchas''), dánta a thug cuntas ar logainmeacha na hÉireann agus a luaigh imeachtaí agus pearsana a bhain leis na háiteanna sin. Eolas é a bhí fite fuaite in oiliúint agus i saothar na bhfilí.
 
Bhí an prós á shaothrú i gcónaí sna Meánaoiseanna. Tháinig scéalta nua isteach leis na Normannaigh sa 12ú haois agus d’fhág siad a rian ar an traidísiún dúchasach. Tamall ina dhiaidh sin bhí scéalta á n-aistriú ón mBéarla.<ref>Caerwyn Williams agus Ní Mhuiríosa (1979), lch 149.</ref>
 
=== Sraitheanna miotaseolaíochta ===
Tá ceithre phríomhshraith miotaseolaíochta sa chuid is luaithe de litríocht na Gaeilge. Tá baint ag an gcéad cheann leis na [[Tuatha Dé Danann]]. Is í an Rúraíocht an dara ceann agus cuntas inti ar eachtraí a bhaineann le [[Conchobar mac Nessa]]. Inti freisin atá ''[[Táin Bó Cúailnge]]''. Baineann an tríú ceann le [[Fionn Mac Cumhaill]], lena mhac [[Oisín]] agus lena gharmhac [[Oscar]]. Baineann an ceathrú ceann le ríthe na hÉireann, ó [[Labraid Loingsech]] (a deirtí go ndearnadh Ard-Rí na hÉireann de timpeall 431 BC) go dtí [[Brian Borumha]] sa 11ú haois. Tá na scéalta seo breac le sleachta filíochta a shoiléiríonn buaicphointí na hinsinte. I leaganacha den chuid dhéanach den ré mheánaoiseach is mó atá na scéalta seo le fáil, ach is minic a scríobhadh sa Ghaeilge is ársa iad ar dtús agus a rian sin orthu fós, rud a shoiléiríonn saol na hÉireann roimh theacht na Críostaíochta.<ref>Dillon agus Chadwick (1973), lgh 298–333.</ref>
 
== Litríocht Iar-Chlasaiceach ==
5,617

edits