An difríocht idir athruithe ar: "An Ollainnis"

Content deleted Content added
m Bot: Fixing redirects
No edit summary
Líne 14:
}}
 
[[Teanga (teangeolaíochtcumarsáid)|Teanga]] [[Teangacha Gearmáinice|Gearmáinice]] Iartharach is ea í an '''Ollainnis''', nó an '''Ísiltíris''' (''{{Fuaim|nl-Nederlands.ogg|Nederlands}}''), agus í á labhairt ag 24 mhilliún duine, a bheag nó a mhór, san [[an Ísiltír|Ísiltír]] agus sa [[an Bheilg|Bheilg]] don chuid is mó. [[Pléimeannais]] a thugtar ar chanúint [[Flóndras|Fhlóndrais]] sa [[An Bheilg|Bheilg]]. Is deacair a rá, cé acu teanga ar leith nó canúint Ollainnise atá sa Phléimeannais. Is é an caighdeán céanna a úsáidtear sa dá thír, cé go bhfuil an teanga labhartha an-difriúil sa Bheilg. Labhraítear an [[An Afracáinis|Afracáinis]] san [[An Afraic Theas|Afraic Theas]] agus sa [[an Namaib|Namaib]]. Teanga í a d'fhorbair as an Ollainnis faoi bhrú theangacha eile an réigiúin - canúint a shaothraítear mar theanga ar leith inniu.
 
Mar oidhreacht choilíneach, tá stádas oifigiúil ag an Ollainnis in Aintillí na hÍsiltíre, in Aruba, agus i Suranam. Is mar theanga iasachta is mó a shaothraítear an Ollainnis sna tíortha seo.
Líne 23:
 
Tugtar Sean-Ollainnis ar an gcineál Ollainnise a bhí á labhairt taobh istigh de chríocha na hOllainne agus na Beilge i dtús na Meánaoiseanna. Níl ach iarsmaí scaipthe fágtha den leagan seo den teanga. Ón 12ú go dtí an 16ú haois, bhí leaganacha éagsúla den teanga á scríobh i gcúigí éagsúla, agus iad faoi thionchar na gcanúintí réigiúnda. Thosaigh caighdeánú na teanga sa chúigiú haois déag, agus sa bhliain 1618 a tháinig an chéad Bhíobla amach sa teanga.
 
 
 
{{IdirVicí|cód=nl}}
{{stumpasíol}}
{{Teangacha oifigiúla an AE}}
{{DEFAULTSORT:Ollainnis, An}}
 
[[Catagóir:Teangacha na hEorpa]]
[[Catagóir:Teangacha Gearmáinice]]
[[Catagóir:An Ísiltír]]