An difríocht idir athruithe ar: "Millbrook, Victoria"

Content deleted Content added
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Líne 29:
 
== Stair ==
An stair chéanna, mórán, atá ag Millbrook agus ag na ceantair máguaird, [[Ballan, Victoria|Ballan]], [[Wallace, Victoria|Wallace]] agus [[Gordon, Victoria|Gordon]]. Na [[Wathaurong]], pobal Bundúchasach, a bhí ina gcónaí sa taobh tíre sin nuair a cuireadh réimsí caorach ar bun sa limistéar sa bhliain 1838. Chuaigh mórán Bundúchasach ag obair ar na réimsí sin, ach rinne galracha nua, ól agus achrann dochar mór dóibh agus tháinig scaipeadh orthu sa dara leath den 19ú haois. Tá a gcuid déantúsán le fáil ann fós, ach níl aon duine dá sliocht ina chónaí sa cheantar anois.
 
Bhí fiadhúlra dúchasach flúirseach go leor ag an am ar fud an limistéir a mbaineann Millbrook leis, agus tá cuid de (ar nós [[kóála]]nna, [[pasam]] agus [[paraicít]]í) le fáil ann fós. Ar theacht na nEorpach d'imigh cuid eile in éag de dheasca seilge agus scrios gnáthóige, mar atá [[cangurú]]nna, lucha léimneacha, [[diongó]]nna, bandacúit, cait dhúchasacha, crotacha, colúir agus a lán pearóidí.<ref>[http://www.greendaledalescreek.com/history.php History of Greendale]</ref>