An difríocht idir athruithe ar: "Three Mile Island"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Stáisiún núicléach ginte leictreachais i lár stát Pennsylvania sna Stáit Aontaithe, ar tharla drochthionóisc ann i 1979,...'
 
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Three mile island 062010.jpg|mion|Three Mile Island]]
Stáisiún núicléach ginte leictreachais i lár stát [[Pennsylvania]] sna [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|Stáit Aontaithe]], aris tharlaea '''Three Mile Island'''. Tharla drochthionóisc ann isa bhliain [[1979]], nuair a leáigh cuid mhaith de chroíleacán an imoibreora agus a sceith roinnt [[iseatóp]] radaighníomhach san [[Atmaisféar an Domhain|atmaisféar]]. Is amhlaidh a tharla teip sa chóras fuaraithe, ach in ionad an croíleacán a bhá le huisce, lasc na hoibreoirí an córas éigeandála fuaraithe as ionas go raibh an croíleacán saor ó uisce fuaraithe ar feadh 40 nóiméad ar a laghad. Leádh is loiteadh timpeall 75% den chroíleacán, ach ar ámharaí an tsaoil níor leádh go hiomlán é agus níor thit an [[breosla]] núicléach leáite go bun an tsoitheach treisithe coinneála. Dá dtarlódh a leithéid, bheadh baol ann go ngalódh teas an chroíleacáin aon uisce ansin, nó fiú faoin talamh faoina bhun, agus go dtarlódh pléasc chumasach gaile a réabfadh an soitheach is a sceithfeadh an-chuid ábhair radaighníomhaigh ón gcroíleacán amach san atmaisféar. Is cinnte go raibh an tionóisc sin an-ghar dá leithéid d'olltubaiste, agus bhí an t-ádh ar phobal Pennsylvania nár treádh an soitheach is go raibh teorainn leis an oiread radaighníomhaíochta a sceitheadh san atmaisféar.
 
{{Fréamh an Eolais}}