An difríocht idir athruithe ar: "Euro"

Content deleted Content added
m Robot: sv:Euro is a good article; athruithe cosmaideacha
Dmd3music (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 1:
Is é an '''euro''' (siombail: '''€'''; cód [[ISO 4217]] '''EUR''') airgead coiteann na hEorpa. I nGaeilge úsáidtear an leagan '''eoró''' freisin: féach [[Euro#Ceisteanna Gramadaí|thíos]].
 
Baintear feidhm as an euro i gcúignaoi bhallstát déag den [[an tAontas Eorpach|Aontas Eorpach]] (AE): [[an Bheilg]], [[an Chipir]], [[An Eastóin]], [[Poblacht na hÉireann]], [[an Fhionlainn]], [[an Fhrainc]], [[an Ghearmáin]], [[an Ghréig]], [[an Iodáil]], [[an Ísiltír]], [[An Laitvia]], [[An Liotuáin]], [[Lucsamburg]], [[Málta]], [[an Ostair]], [[an Phortaingéil]], [[an tSlóivéin]], [[an tSlóvaic]], agus [[an Spáinn]]. Tugtar [[limistéar an euro]] ar an ngrúpa seo.
 
Tháinig an euro de thoradh an athchóiriú airgeadais ba thábhachtáí san [[an Eoraip|Eoraip]] ón [[an Impireacht Rómhánach|Impireacht Rómhánach]] i leith. Cé gur féidir an euro a mheas mar áis chun an [[An Comhphobal Eorpach|Cómhargadh Eorpach]] a aontú trí [[Saorthrádáil|shaorthrádáil]] idir na ballstáit a éascú, shíl lucht a bheartaithe go mbeadh dlúthbhaint aige le comhaontú polaitiúil na hEorpa.