An difríocht idir athruithe ar: "Oilibhéar Cromail"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Oliver_Cromwell_by_Samuel_Cooper.jpg|thumb|right|200px|Oilibhéar Cromail]]
Polaiteoir agus saighdiúir [[Sasana]]ch ab ea '''Oilibhéar Cromail''', nó ''Cromail'' mar a thugtar air de ghnáth (as [[Béarla]], ''Oliver Cromwell''; [[25 Aibreán]] [[1599]] - [[3 Meán Fómhair]] [[1658]]). Rugadh é i Huntingdon i 1599 agus ba le linn dó a bheith ina mhac léinn i Sidney Sussex College a d'iompaigh sé ina Phiúratánach. Toghadh mar bhall Parlaiminte é i mí Aibreáin 1640, agus bhí sí seo ar na Parlaimintí úd a rinne a ndícheall cumhacht an Rí a shrianadh. Baineadh a chumhacht den rí [[Séarlas I Shasana|Séarlas I]] agus ghlac an Pharlaimint seilbh ar chúrsaí airgid na ríochta. Bhris cogadh cathartha amach agus ba lena linn a thuill Cromail cáil mar cheannaire míleata. D'éirigh go hiontach leis i gCath Marston Moor lena mharcshlua, ar ar tugadh 'Roundheads' <ref>http://dictionary.reference.com/search?r=2&q=Roundheads</ref> nó 'Ironsides' <ref>http://dictionary.reference.com/browse/ironsides</ref> mar leasainm ar Chromail féin nó ar a shaighdiúirí. Cloíodh arm an rí faoi dheireadh ag Cath Naseby i 1645, agus bhí an-tionchar ag Cromail ar na hidirbheartaíochtaí a lean é. Ní raibh muinín ag cuid mhór daoine as áfach agus bhris cogadh amach arís. Ruaig Cromail 110 ball ón bParlaimint agus bhunaigh sé deachtóireacht mhíleata. Rinne sé ionradh ar Albain agus chuir na nuachtáin faoina smacht. Rialaigh sé [[Sasana]], [[Albain]] agus [[Éire]] mar [[an Tiarna Cosantóra|Thiarna Cosantóra]] ó [[16 Mí na Nollag]] go lá a bháis. Creidtear gur cailleadh le [[maláire]] nó [[nimhiú]] é. ar dtús etháinig sé isteach síos i loch garmain is seiseann a deir an sean fhocal "by hook or by crooke" nuair a deir sé "hook" bhí sé ag caint faoin rinn duáin i co.loch garman agus nuair a deir sé "crook£crooke" bhí sé ag caint faoin crúc duáin i co.port láirge.
 
Bhí tionchar mór ag [[Cogadh Cathartha Shasana]] ar Éirinn i rith na [[1640í]]. Ghlac na plandóirí taobh na Parlaiminte ach bhí na Gaeil agus na Gall-Ghaeil ag tacú leis an rí. Buaileadh taobh an rí ar deireadh, agus cuireadh an [[Séarlas I Shasana|Rí Séarlas I Shasana]], chun báis ar [[30 Eanáir]] [[1649]]. Tháinig Cromail go hÉirinn ar [[15 Lúnasa]] [[1649]] mar rialóir míleata agus sibhialta na Parlaiminte le smacht a chur ar an tír. Cuimhnítear air go háirithe mar gheall ar an slad a rinne sé i n[[Droichead Átha]] ar [[11 Meán Fómhair]] [[1649]] agus i mbaile [[Loch Garman]] ar [[11 Deireadh Fómhair]] [[1649]]. Tar éis do [[Cill Chainnigh|Chill Chainnigh]] géilleadh dó ar [[27 Márta]] [[1650]], d'fhág Cromail an tír ar [[25 Bealtaine]] [[1650]]. Ina dhiaidh sin, lean sé ar aghaidh mar dheachtóir míleata na [[an Bhreatain|Breataine]] go bhfuair sé bás, agus cé gur ainmníodh a mhac Risteard Cromail, mar oidhre i gceannas an Chomhfhlaithis, ní raibh cion ar bith ag muintir na Breataine air agus cuireadh [[Séarlas II Shasana|Séarlas II]] ar ais i gcoróin nuair a d'fhill sé ón bhFrainc sa bhliain 1660. Ar 30 Eanáir [[1661]], tógadh corp Chromail as a uaigh agus 'cuireadh chun báis' arís é ar ordú an rí nua, mar dhíoltas ar bhás an Rí Séarlas I.