An difríocht idir athruithe ar: "Cair Chaladain"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Kirkcaldy collage2.jpg|deas|250px|thumb|Cair Chaladain]]
Is [[baile]] suite i [[Foibhe|bhFoibhe]], in [[Albain]], é '''Cair Chaladain''' (Béarla: ''Kirkcaldy''). Tá sé suite ar chósta thoir na hAlban. Tá 49,460 duine ina gcónaí ar an mbaile agus 120,000 ina mhórcheantar.
 
Luadh Cair Chaladain den chéad uair i dtéacs ón 11ú haois. D'fhás an baile mar ionad trádála sna 1600idí mar gheall ar a shuíomh ar an gcósta. Saothraíodh réchúrsaí áitiúla mar shalann agus ghual. Thairgeadh tairní ann. Sa 19ú haois d'éirigh tionsclaíocht an línéadaigh tábhachtach agus sa 20ú haois bhí tábhacht le tairgeadh na lioníola. Mhair sin go dtí na 1960idí.
 
Rugadh [[Adam Smith]], fealsamh sóisialta agus eacnamaí, i gCair Chaladain. <ref name="History and Celebration67">Kirkcaldy Civic Society 2005, lch. 67.</ref> Scríobh Adams ''[[The Wealth of Nations]]'' ag teach a mháthar, 220 High Street, sna blianta 1765–1767.<ref name="Torrie and Coleman29">Torrie and Coleman 1995, lch. 29.</ref> B'as Cair Chaladain [[Robert Adam]], ailtire agus dearthóir, chomh maith le [[William Adam]], ailtire agus athair do Robert.<ref name="History and Celebration60">Kirkcaldy Civic Society 2005, lch. 60.</ref> Rugadh [[Sandford Fleming]], bunaitheoir an [[Am caighdeánach|Ama Chaighdeánaigh]], sa bhaile freisin.<ref name="History and Celebration62">Kirkcaldy Civic Society 2005, lch. 62.</ref> Rugadh [[John McDouall Stuart]], a thug sé shluaíocht isteach s[[an Astráil]] leis an mhór-roinn sin a thaiscéaladh, rugadh é in Dysart, lámh leis an mbaile.<ref name="History and Celebration70–71">Kirkcaldy Civic Society 2005, lgh.70–71.</ref>