An difríocht idir athruithe ar: "An Ghaeilge"

Content deleted Content added
Chuir mé pictúir
clib: Mobile edit Mobile app edit
No edit summary
Líne 11:
|iso1=ga|iso2=gle|iso3=gle}}
 
Is í an '''an Ghaeilge''' (nó ''Gaedhilge''/''an Ghaedhilge'') an [[Teanga (cumarsáid)|teanga]] Ghaelach a labhraítear in [[Éire|Éirinn]]. Is í an teanga náisiúnta agus an phríomhtheanga oifigiúil i b[[Poblacht na hÉireann]] í. (Tá an [[An Béarla|Béarla]] luaite sa [[Bunreacht na hÉireann|Bhunreacht]] mar "theanga oifigiúil eile".) Tá aitheantas oifigiúil aici chomh maith i d[[Tuaisceart Éireann]], atá mar chuid den [[An Ríocht Aontaithe|Ríocht Aontaithe]]. Ar an [[13 Meitheamh]], [[2005]] d'aontaigh airí gnóthaí eachtracha an [[An tAontas Eorpach|Aontais Eorpaigh]] glacadh leis an nGaeilge mar theanga oifigiúil oibre san AE. Ón [[1 Eanáir (Lá Caille)|1 Eanáir]] 2007 cuireadh tús leis an stádas oifigiúil seo, agus ba é an tAire Nollaig Ó Treasaigh, T.D., an chéad aire Éireannach a labhair Gaeilge ag cruinniú de chuid Chomhairle na nAirí, an 22 Eanáir 2007.
 
Tá go leor ainmneacha eile réigiúnda nó stairiúla ar an teanga freisin: '''Gaedhealg''', '''Gaedhilge''', nó '''Gaedhilg''' (i g[[Conamara]]), '''Gaedhilic''' nó '''Gaeilic''' (in áiteanna i gCúige [[Cúige Uladh|Uladh]] agus [[Maigh Eo]]), '''Gaedhealaing''', '''Gaoluinn''' nó '''Gaelainn''' (sa [[Cúige Mumhan|Mhumhain]]), '''Gaedhlag''' ([[Ó Méith]] – [[Contae Ard Mhacha|Ard Mhacha]] agus [[Contae Lú|Lú]]), '''Gàidhlig''' (in [[Albain]]), '''Gaelg'''/'''Gailck''' in [[Oileán Mhanann]] agus '''Guithealg''' nó '''Goidelc''' ([[An tSean-Ghaeilge|Sean-Ghaeilge]]). Go minic, níl i gceist leo seo ach litrithe malartacha ar an bhfocal "Gaeilge" agus iad ag baint leis an tréimhse réamhchaighdeánach (féach thíos chun a thuilleadh eolais a fháil), ach tabhair faoi deara gurb iondúil inniu a úsáidtear an leagan Muimhneach d'ainm na teanga, Gaelainn, le tagairt a dhéanamh do chanúint an chúige ina gcluinfeá an t-ainm seo uirthi. D'fheicfeá '''Gaoluinn''', leis, toisc gur mar "é" fada a fhuaimnítear "ao" an litrithe sna [[canúint]]í deisceartacha.