An difríocht idir athruithe ar: "Angóla"

Content deleted Content added
Dmd3music (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 42:
|glaochód=244
|fonótaí=}}
Is tír san [[An Afraic|Afraic]] í '''Angóla''', nó '''Poblacht Angóla''', mar a thugtar uirthi go hoifigiúil, nó '''República de Angola''' as [[Portaingéilis]]. Tá sí ag críochantacht leis [[an tSaimbia]] thoir, [[an Namaib]] theas, agus [[Poblacht Dhaonlathach an Chongó]] thuaidh, ach tá eachtarchríoch bheag, Cabinda, suite idir an dá Chongó (Poblacht an Chongó agus Poblacht Dhaonlathach an Chongó). Is é an tAigéan Atlantach an teorainn thiar. Is í [[Luanda]] an phríomhchathair, agus cúig mhilliún duine ina gcónaí ansin - aon cheathrú cuid de mhuintir na tíre go léir, beagnach. Cathracha tábhachtacha eile iad Benguela, Sumbe, Lubango agus Namibe, mar shampla.
 
Is í an Phortaingéilis an teanga oifigiúil náisiúnta, agus í á labhairt go forleathan mar theanga dhúchais in Angóla, fiú ag na bundúchasaigh. Glactar leis go bhfuil sí ó dhúchas ag 80 % de mhuintir na tíre. Is í an teanga ''Kimbundu'' an ceann is tábhachtaí de na teangacha bundúchasacha, agus is teanga Bhantúch í, cosúil leis an Svahaílis.