An difríocht idir athruithe ar: "An tAontas Sóivéadach"

Content deleted Content added
m Bot: Fixing redirects
Noidberg (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 1:
{{Bosca Sonraí Tíortha Stairiúla
|ainm_coitianta='''An tAontas Sóivéadach'''
|ainm_dúchasach='''Союз Советских Социалистических Республик''' ([[Rúisis]])
''Aontas na bPoblachtaí Sóivéadacha Sóisialacha''
|tús=1922
|deireadh=1991
|íomhá_na_brataí=Flag of the Soviet Union.svg
|méid_brataí=150px
[[Íomhá:|íomhá_an_armais=Coat of arms of the Soviet Union.svg|deas|160px]]
|méid_armais=100px
|ainm_gin_bain=
|ainm_gin_fir=
|mana_náisiúnta= Пролетарии всех стран, соединяйтесь!
[[Gaeilge]]: Oibrithe ar fud an domhain, aontú!
|amhrán_náisiúnta= ''[[An Internationale]]'' (1922-1944)
''[[Stáit Amhrán an APSS]]'' (1944-1991)
|íomhá_learscáile=Union of Soviet Socialist Republics (orthographic projection).svg
|íomhá_fotheideal_learscáile=
|príomhchathair = [[Moscó]]
|teanga(cha)=[[Rúisis]]
|cineál_rialtais=[[Marxach-Léinín aon-páirtí stáit]]
|teidil_na_gceannairí= [[Ard-Rúnaí]]
|ainmneacha_na_gceannairí=
[[Iósaf Stailín]] (1922-1952) (An Chéad)
[[Míchail Gorbaitsov]] (1985-1991) (Deireanach)
|fonótaí=}}
Stát [[Cumannachas|cumannach]] ab ea é '''Aontas na bPoblachtaí Sóivéadacha Sóisialacha''', nó ''An tAontas Sóivéadach'' ([[An Rúisis|Rúisis]]: ''Союз Советских Социалистических Республик/Soyuz Sovetskikh Sotsialisticheskikh Respublik'') agus é suite san [[An Eoráise|Eoráise]], a mhair ón mbliain [[1922]] go dtí an bhliain [[1991]]. Ón mbliain [[1945]] go lá a scoir, bhí an tAontas Sóivéadach ina mhórchumhacht dhomhanda nach raibh ach na [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|Stáit Aontaithe]] inchomórtais léi, agus bhí an dá thír seo [[cogadh Fuar|ag déanamh téisclim chogaidh]] in aghaidh a chéile an chuid ba mhó den am i ndiaidh an [[An Dara Cogadh Domhanda|Dara Cogadh Domhanda]].
[[Íomhá:Flag of the Soviet Union.svg|mionsamhail|260px|Bratach an Aontais Shóivéadaigh le corrán agus casúr an Chumannachais]]

== Achoimre ==
[[Íomhá:Coat of arms of the Soviet Union.svg|deas|160px]]
Is iomaí duine a shíleann gur tháinig an tAontas Sóivéadach ar an bhfód a thúisce is a [[Réabhlóid Dheireadh Fómhair|shealbhaigh]] [[Vlaidímír Leinín|Vlaidímír Léinín]] agus na [[Boilséivigh]] an chumhacht sa [[An Rúis|Rúis]], ach ní mar sin a bhí. Mhair [[Cogadh Cathartha na Rúise]] ar feadh trí bliana, ar a laghad, i ndiaidh na réabhlóide, agus níor gaireadh "Aontas Sóivéadach" den Rúis sula raibh an cogadh thart le tamall maith anuas, ar an tríochaidiú lá de Mhí na Nollag sa bhliain [[1922]]. D'athraigh críocha geografacha na tíre ó am go ham, ach nuair a nascghabhadh Oirthear na Polainne, Oirthear na Rómáine (an Bheasaráib), [[an Eastóin]], [[an Laitvia]] agus [[an Liotuáin]], chomh maith le críocha áirithe eile, i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda, bhí an tAontas Sóivéadach tar éis an chuid ba mhó de na tailte a fhorghabháil a raibh baint acu le h[[Impireacht na Rúise]] go gairid roimh an Réabhlóid. B'iad [[an Fhionlainn]] agus [[an Pholainn]] (a raibh fágtha di) an t-aon dá thír amháin nár nascghabhadh, cé gur cuid den Rúis a bhí iontu roimh an mbliain [[1918]].