An difríocht idir athruithe ar: "Antaibheathach"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 9:
Rinneadh cur síos ar fhreasaitheacht Penicillium spp. den chéad uair i Sasana ag [[John Tyndall]] sa bhliain 1875. Níor tuigeadh an tábhacht a bhain le fionnachtain na n-antaibheathach go dtí saothar Ehrlich ar cheimiteirpe antaibheathach sintéiseach, a bhí ina thús de réabhlóid na n-antaibheathach. Thug Erlich faoi deara go nascfadh roinnt [[ruaimeanna]] le cealla daonna, cealla ainmhithe, nó le cealla baictéire is go bhfágfaí a ndathanna orthu ach nach ndéanfadh roinn eile fós amhlaidh. Thóg sé ar an smaoineamh seo go m'fhéidir go mbeadh sé indéanta ruaimeanna nó ceimiceáin áirithe a dhéanamh a d'oibreodh mar ''philéar draíochta'' nó mar dhruga roghnach a nascfadh le agus a mharódh baictéir gan an t-óstach, sé sin an duine a ghortú. Tar éis an-chuid turgnamh is triaileacha, inar baineadh triail as na céadta ruaimeanna éagsúla, tháinig sé ar dhruga a bhí úsáideach ó thaobh an leighis de, an t-antaibheathach saorga [[Salvarsan]].
 
Sa bhliain [[1928]] thug [[Alexander Fleming]] rud éigin tábhachtach faoi deara ó thaobh antaibithóis phenicilin. Thuairimigh Fleming go raibh an éifeacht faoi stiúr chumaisc éigin frithbheathach nár thangthas air fós ach a bhféadfaí úsáid a bhaint as.
 
== Dinimicí Cógasaíocha Frithmhícróbach ==