An difríocht idir athruithe ar: "Naomh Pádraig"

Content deleted Content added
Líne 4:
Saoránach [[An Róimh|Rómhánach]] de bhunadh [[An Bhreatain Mhór|Briotanach]] a bhí i bPádraig. Ceiliúrtar [[Lá Fhéile Pádraig]] ar an [[17 Márta]], an lá a cailleadh é. Is ainm pearsanta an-choitianta in Éirinn é Pádraig, ach níor baisteadh ar mórán leanaí é go dtí timpeall 120 bliain ó shin. Tá raidhse mór foirmeacha aige - Pádraig, Pádraic, Páraic (go háirithe san iarthar), Pa, Pat, Peaits nó Patch, Paddy, Patsie, Páid nó Paud, Patrice na Fraincíse agus Patrizio na h[[Iodáilis]]e.
 
De réir an scéil, fuadaíodh é ó thír a mhuintire go hóg, agus cuireadh ag aoireacht ar [[Sliabh Mis|Shliabh Mis]] i g[[Contae Aontroma]] é. Nuair a d´fhill sé ar a mhuintir, bheartaigh sé an Chríostaíocht a thabhairt do mhuintir na hÉireann, agus d'fhill sé sa bhliain [[432]]. Cé gur tháinig an Chríostaíocht go hÉirinn ar dtús nuair a chuir [[an Pápa Ceilistín]] [[Palladius]] go hÉirinn i [[430]], ba é Pádraig an té ar éirigh leis an creideamh a scaipeadh. Insítear scéal freisin faoin iarracht a bhí á déanamh ag Pádraig taoiseach a thabhairt chun na Críostaíochta. Sháigh Pádraig a chrois de thimpist i gcois an taoisigh, ach má dhein níor labhair an taoiseach focal ná ní dhearna gearán. Ghlac sé féin agus a mhuintir leis an gcreideamh nua ag egg ceapadh gur chuid den searmanas a bhí sa sá.
 
Deirtear gur phioc Pádraig [[seamróg]] agus gur úsáid sé í leis an [[an Tríonóid|Tríonóid]] a mhíniú dá éisteoirí. Deirtear freisin gur dhíbir sé na nathracha nimhe as Éirinn, ach tá amhras faoi seo, nó ní heol dúinn go raibh nathracha nimhe riamh sa tír. Is dóichí gur mar shamhail a húsáideadh an scéal seo don dóigh ar ruaig sé [[seanchreideamh na nGael]], agus go seasann na péisteanna agus na nathracha nimhe don diabhal agus dá chuid mioscaise, is é sin, don tseanchreideamh féin.
Líne 14:
Nuair a bhí lá na Féinne thart, phós Oisín banphrionsa ó [[Tír na hÓige|Thír na hÓige]] agus chuaigh a chónaí thall ansin, ach i ndiaidh trí chéad bliain, tháinig cathuithe air i ndiaidh an tseanfhóid. Mar sin, d'fhill sé go hÉirinn ar mhuin chapaill draíochta, agus é curtha faoi gheasa gan baint d'aon rud ná titim anuas den chapall. Bhris sé na geasa, ar ndóigh, thréig an capall bán é, agus b'éigean dó fanacht in Éirinn agus bás a fháil ansin.
 
Chuala Pádraig trácht air, áfach, go raibh fear de na Fianna clúiteacha boner fágtha sa tír, agus chuaigh sé i bhfianaise Oisín. Bhí sé dóchasach go n-éireodh leis Oisín a iompú i leith an chreidimh Chríostaí. Ní raibh aon mhaith ann, áfach, bheith ag caint le hOisín faoi Dhia, nó ní raibh ina bhéal siúd ach [[Goll Mac Mórna|Goll]]. "Ní chreidfinnse i nDia", ar seisean, "go dtí go bhfeicfinn Eisean agus Goll ag coraíocht le chéile. Dá n-éireodh le Dia Goll a leagan ansin, chreidfinn gurb é Dia an fear is fearr acu." Ansin, thaispeáin Pádraig d'Oisín an dóigh a raibh na Fianna, nár chuala iomrá riamh ar Dhia ná ar Íosa, ag troid leis na diabhail in Ifreann. D'fhiafraigh sé d'Oisín, nárbh fhearr leis flaithis Dé a bhaint amach, in áit na troda síoraí sin, ach níorbh fhearr: bhí Oisín díreach mífhoighneach chun "iall a chur i súiste Ghoill", mar a dúirt sé.
 
== Paidir Pádraig Naofa ==