An difríocht idir athruithe ar: "Teaghlach"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
[[File:Family by Edwina Sandys.JPG|thumb|''Family''. (1979), dealbh chré-umha le Edwina Sandys ag ceannáras na [[Náisiúin Aontaithe|Náisiún Aontaithe]] sa [[Ginéiv|Ghinéiv]]]]
 
Is é is brí le '''teaghlach''' ná [[lánúin]] - is é sin, na [[tuismitheoirí]] - agus a g[[clann]]. Sa Ghaeilge, úsáidtear an focal ''clann'' le tagairt don tsliocht atá ag an lánúin le chéile, cé go bhfuil sé de nós ag foghlaimeoirí na teanga an focal Béarla úd ''family'' a aistriú mar "clann". Níl an nós seo ag teacht le dul ceart na Gaeilge. Mar sin féin, ós rud é go bhfuil coincheap an teaghlaigh féin tar éis an-chraiceann a chur de i rith na fichiú haoise, is deacair focal maith Gaeilge a aimsiú nach mbeadh cuimhne éigin greamaithe di ón seanaimsir, nuair a bhí na hiníonacha agus na mic fhásta go minic ina gcónaí faoi aon díon lena dtuismitheoirí, nó na seandaoine lena gclann féin. Focal Ultach é "teaghlach", agus d'fheicfeá é ag scríbhneoirí cosúil le Séamus Ó Grianna.