An difríocht idir athruithe ar: "Nua-Gheirsí"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 75:
Forbraíodh a lán tionsclaíochta i New Jersey i luathbhlianta na tíre nua agus le linn an 19ú haois. Bhunaigh [[Alexander Hamilton]] in éineacht le scata daoine eile comhlacht darbh ainm Society for the Establishment of Useful Manufactures (SUM) sa bhliain 1791. D'fhostaigh an grúpa [[Pierre Charles L'Enfant]] le cathair a phleanáil don cheantar timpeall ar na hEasa Móra ar an Abhainn Passaic i dtuaisceart an stáit le feidhm a bhaint as fuinneamh na n-eas ansin. Paterson a baisteadh ar an gcathair in onóir William Paterson.
 
Fuair an náisiún nua roinnt mhaith [[Iarann|iarainn]] ó New Jersey, go háirithe as na mianaigh guala portaigh i ndeisceart an stáit. Spreag tógáil na g[[Canáil|canálacha]] agus na n-iarnród sa 19ú haois forbairt na tionsclaíochta sa stát, go mór mhór Canáil Mhorris a osclaíodh sa bhliain 1831. D'éascaigh sin [[gual]] a thabhairt isteach o Ghleann an Lehigh in oirthear Pennsylvania. Chuir [[Thomas Edison]] faoi i New Jersey ag cur ionad forbartha teicneolaíochta ar bun, in Menlo Park ar dtús agus ansin in [[West Orange, New Jersey|West Orange]]. Ba i Menlo Park a lasadh sráid le solais leictreacha den chéad uair ariamh, toradh a chuid oibre leis an [[leictreachas]].
 
==Geilleagar==