An difríocht idir athruithe ar: "Quintana Roo"

Content deleted Content added
Dmd3music (plé | dréachtaí)
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Quintana Roo en México.svg|mion|Quintana Roo]]
Is státceann de na 31 stát de chuid [[Meicsiceo|Mheicsiceo]] é '''Quintana Roo''', atáagus é suite in oirdheisceart na tíre. Is é [[Chetumal]] an phríomhchathair agus is é [[Cancún]] an chathair is mó. Bhí 1,468,469 duine ina gcónaí annsa stát sa bhliain 2012.
 
==Stair==
Le linn réimeas na Spáinneach agus luathstair Phoblacht Mheicsiceo, ba chuid de [[Yucatán]] é Quintana Roo ó thaobh rialtais de. Ní raibh ach roinnt mílte duine ina gcónaí ann go dtí am éigin san 20ú haois. D'éirigh na [[Máigeach|Máigigh]], na bundúchasaigh, amach sna 1840idí—Cogadh na gCaisleán a tugadh air—agus i ndiaidh díbirt a dhéanamh ar na strainséirí uilig, cuireadh stát dá gcuid féina ar bun darbh ainm Chan Santa Cruz agus an baile Felipe Carrillo Puerto mar phríomhchathair de chineál acu.
[[Íomhá:Tumul.jpg|mion|Fothracha Indiacha Tulum]]
 
D'fhógair an t-uachtarán [[Porfirio Díaz]] go raibh Quintana Roo ina chríoch de chuid Mheicsiceo ar an 24ú Samhain 1902. Ainmníodh an chríoch i ndiaidh Andrés Quintana Roo, tírghráthóir i luathstair Mheicsiceo. Ghlac arm Mheicsiceo seilbh ar Quintana Roo arís sna 1910idí agus cuireadh an áit isteach i stát Yucatán arís.
 
Thosaigh an daonra ag fás sna 1940idí, agus ar an 8ú Deireadh Fómhair 1974, rinneadh stát ar leith de. Fágann sin gurb é Quintana Roo an stát is nua de chuid Mheicsiceo. Tháinig fás agus forbairt an-mhór ina dhiaidh sin a leanann go dtí an lá inniu.
 
==Geilleagar==
Is í an [[turasóireacht]] bunchloch na h[[eacnamaíocht]]a in Quintana Roo. Cancún an baile saoire is mó sa stát. Tarraingíonn fothracha Indiacha, an aeráid, na tránna agus an dúlra fairsing na turasóirí ina sluaite ann.
 
 
 
{{Stáit agus réigiúin na Meicsiceo}}