An difríocht idir athruithe ar: "Scamall Mór Magellan"

Content deleted Content added
Addbot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 40 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q49957 (translate me)
Replaced content with "SCIENCEZ IZ CEWLZ 2"
Líne 1:
SCIENCEZ IZ CEWLZ 2
'''Scamall Mór Magellan''' (an seacht míle déag dhá chéad fiche tríú réad ar [[PGC|Phríomh-Chatalóg na Réaltraí]], mar atá, PGC17223): ceann de dhá réaltra bheaga ar déanamh neamhrialta a dtugtar Scamaill Magellan orthu, agus é le feiceáil i réaltbhuíonta [[An Colgán|an Cholgáin]] agus [[an Tábla]]. [[Scamall Beag Magellan]] atá ar an gceann eile. Is réaltbhuíonta iad seo nach bhfeictear ach ar an leath theas den [[sféar neamhaí]], sách cóngarach don phol theas fiú, agus mar sin, ní raibh aithne ag muintir na hEorpa ar na scamaill seo roimh na [[Ré na Fionnachtana|turasanna móra farraige]] a nocht cosúlacht agus déanamh [[An Domhan|an Domhain]] féin dár sinsir. Ní díol iontais é ar aon nós gurb as [[Fernão de Magalhães]] (nó Ferdinand Magellan, mar a thugtar air ina lán teangacha, an [[Béarla]] san áireamh), an taistealaí farraige a thaispeáin gur sféar é an Domhan, a hainmníodh iad.
 
[[Íomhá:Large.mc.arp.750pix.jpg|thumb|Scamall Mór Magellan]]
Chreideadh na réalteolaithe go dtí le déanaí go raibh an Scamall Mór ar an réaltra ba ghaire do Bhealach na Bó Finne, ach, le déanaí, thángthas trasna ar réaltra beag atá níos cóngaraí fós, mar atá, [[Abhacréaltra Éilipseach an tSaighdeora]].
 
Tá Scamall Mór Magellan chomh gar dúinn is go dtig le lucht na dteileascóp cuid mhaith réaltbhraislí agus fiú réaltaí aonair a aithint ansin. Díol suntais iad na [[réaltbhraisle ghorm ilréaltach|réaltbhraislí gorma ilréaltacha]] nach bhfuil a leithéidí le fáil sa réaltra s'againn féin. Thairis sin, chonacthas [[ollnóva]] i Scamall Mór Magellan sa bhliain 1987.
 
Ceann de na réada is feiceálaí i Scamall Mór Magellan é [[Réaltnéal an Tarantúla]] (arb é an dá mhíle seachtóidiú réad é ar an Nua-Chatalóg Ghinearálta, is é sin, [[NGC]]2070). Néal [[hidrigin]]e [[ianú|ianaithe]] atá ann, agus é á shoilsiú ag dornáin tiubha de réaltaí móra óga teo bána nó bánghorma, réaltaí a mbíonn an t-ollnóva i ndán dá leithéidí i ndeireadh na dála. Is ar imeall an Tarantúla a bhladhm ollnóva na bliana 1987 fosta.
 
Tá réad tábhachtach eile suite i Scamall Mór Magellan, mar atá, [[S Doradus]], an [[ollfhathachréalta ghorm athraitheach lonrúil]]. Tá cineál iomlán réaltaí ainmnithe as an gcránaí mór millteanach seo de réalta.
 
Tá Scamall Mór Magellan suite faoi chéad agus ceithre scór míle [[solasbhliain]] dínn, agus é fiche míle solasbhliain ar trastomhas.
 
[[Catagóir:Réalteolaíocht]]
 
{{Nasc AR|it}}