An difríocht idir athruithe ar: "Nua-Gheirsí"

Content deleted Content added
Líne 77:
Fuair an náisiún nua roinnt mhaith [[Iarann|iarainn]] ó New Jersey, go háirithe as na mianaigh guala portaigh i ndeisceart an stáit. Spreag tógáil na g[[Canáil|canálacha]] agus na n-iarnród sa 19ú haois forbairt na tionsclaíochta sa stát, go mór mhór Canáil Mhorris a osclaíodh sa bhliain 1831. D'éascaigh sin [[gual]] a thabhairt isteach o Ghleann an Lehigh in oirthear Pennsylvania. Chuir [[Thomas Edison]] faoi i New Jersey ag cur ionad forbartha teicneolaíochta ar bun, in Menlo Park ar dtús agus ansin in [[West Orange, New Jersey|West Orange]]. Ba i Menlo Park a lasadh sráid le solais leictreacha den chéad uair ariamh, toradh a chuid oibre leis an [[leictreachas]].
 
Mar gheall ar an méid monarchana agus infrastruchtúr iompair a tógadh i New Jersey, bhí páirt thábhachtach ag an stát le linn an dá chogadh domhanda sa chéad leath den 20ú haois. Cuireadh na mílte saighiúirí go dtí an [[Eoraip]] sa [[Chéad Chogadh Domhanda]] ó dhugaí in [[Hoboken]]. Tógadh cuid de na longa a d'iompair iad i New Jersey freisin, sna ceártaí longa i g[[Camden]] agus Bayonne. Ar na déantúisí míleata eile a rinneadh i New Jersey bhí armlón, gléasanna cumarsáide, agus ceimicigh. Idir an dá chogadh, roimhe sin agus ina dhiaidh, tógadh tionscail thíthíochta, áiseanna gnó, monarchana agus na háiseanna a ghabhann leo i gceantracha i New Jersey a bhí faoin tuath. D'fhág sin fás an-mhór ar na fobhailte ar fud an stát, cé gur tháing meath millteanach ar na cathracha.
 
==Geilleagar==