An difríocht idir athruithe ar: "Veracruz"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Veracruz en México.svg|mion|Veracruz]]
[[Íomhá:Coat of arms of Veracruz.svg|mion|Armas stát Veracruz]]
Is ceann de na 31 stát de chuid [[Meicsiceo|Mheicsiceo]] é '''Veracruz''', agus é suite in oirthear na tíre. Tá leaganacha oifigiúla agus stairiúla níos faide den ainm: '''Veracruz de Ignacio de la Llave''' a thugtar ar an stát ina bhunreacht,<ref>«El Estado de Veracruz de Ignacio de la Llave es parte integrante de la Federación Mexicana, libre y autónomo en su administración y gobierno interiores» (art. 1° de la Constitución Política del Estado de Veracruz de Ignacio de la Llave).</ref> agus is seanleagan de '''Veracruz-Llave''' freisin. '''Estado Libre y Soberano de Veracruz de Ignacio de la Llave''' an leagan is faide den ainm. Is é [[Xalapa]] an phríomhchathair agus is é [[Veracruz (cathair)|Veracruz]] an chathair is mó. Bhí 7,773,408 duine ina gcónaí ann sa bhliain 2012.
 
==Stair==
Líne 10:
Mar gheall ar an m[[bolgach]] a thug na [[An Spáinn|Spáinnigh]] isteach sa tír leo, mhairigh na sluaite i measc na nIndiach agus bhí ganntanas mór oibrithe ann. Sa bhliain 1535, mar sin, thosaigh na Spáinnigh a thabhairt [[Sclábhaíocht|sclábhaí]] isteach ón [[An Afraic|Afraic]], idir 500,000 agus 1 mhilliún duine san iomlán. D'éirigh na sclábhaí amach arís agus aríst eile, áfach, agus faoi dheireadh cuireadh an sclábhaíocht ar ceal, an chéad áit ar an domhan ina rinneadh amhlaidh. D'fhág sin freisin éagsúlacht eitneach in Veracruz thar an ngnáth i Meicsiceo.
 
[[Gobharnóir]] ar Veracruz i lár an 19ú haoise ná Ignacio de la Llave y SegmaSegura Zevallos (b. 181818-1863). Lena chomóradh a tháinigcumadh na leaganacha fada sin d'ainm an stáit.
 
==Tagairtí==
{{reflist}}
 
[[Íomhá:MountainVeracruzTabascoBorder03.JPG|mion|Sléibhte i ndeisceart Veracruz]]