An difríocht idir athruithe ar: "Charles Augustin de Coulomb"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Fisicí a rugadh in Angoulème na Fraince ab ea '''Charles Augustin de Coulomb''' (1736-1806). Rinne sé taighde ar Frithchuimilt...'
 
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Charles de coulomb.jpg|mion|Charles-Augustin de Coulomb]]
[[Fisic|Fisicí]] a rugadh in Angoulème [[An Fhrainc|na Fraince]] ab ea '''Charles Augustin de Coulomb''' ([[14 Meitheamh]] [[1736]]- – [[23 Lúnasa]] [[1806]]). Rinne sé [[taighde]] ar [[Frithchuimilt|fhrithchuimilt]], agus cheap an toirsiúnmeátán an-íogair chun na fórsaí aomtha leictreacha is maighnéadacha a thomhas. Chruthaigh sé dlí Coulomb i [[1785]]: bíonn an fórsa idir dhá lucht leictreacha díreach i gcomhréir le hiolrú na luchtanna, agus i gcomhréir inbhéartach leis an bhfad eatarthu cearnaithe. Más iad p is q an dá lucht, agus d an fad eatarthu, is é an fórsa eatarthu F = p q/(4 π ε0 d<small><sup>2</sup></small>), agus is tairiseach ε0 (= 8.854 × 10<small><sup>-12</sup></small> N m<small><sup>2</sup></small>) a dtugtar ''ceadaíocht saorspáis'' air. Bíonn an fórsa seo dírithe ar feadh na líne idir na luchtanna, i dtreo a chéile (aomadh) más luchtanna neamhchosúla iad, amach ó chéile (éaradh) más luchtanna cosúla iad. Ainmnítear aonad an luchta leictrigh, an cúlóm, as.
 
{{Fréamh an Eolais}}
{{síol}}
 
{{DEFAULTSORT:Coulomb, Charles Augustin de}}
[[Catagóir:Daoine a rugadh i 1736]]
[[Catagóir:Básanna i 1806]]
[[Catagóir:Fisiceoirí Francacha]]