An difríocht idir athruithe ar: "Eleanor Roosevelt"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 9:
Rugadh Anna Eleanor Roosevelt i [[Manhattan]] do lánúin den uasaicme, Elliott Roosevelt (1860–1894) agus Anna Hall (1863–1892).[. Bhí beirt dheartháireacha aici, Elliott, Jr. agus Hall. chomh maith le leasdeartháir, Elliott Roosevelt Mann, arbh í Katy Mann, duine de shearbhóntaí an teaghlaigh, a mháthair. B’fhearr leis an iníon óg an dara hainm aici, Eleanor. “Granny” a thug a máthair mar leasainm uirthi as í a bheith chomh seanaimseartha agus a bhí sí. Níor thug a máthair an oiread sin ceana di ach oiread, agus mar gheall air sin shíl Eleanor go raibh sí féin gránna.
 
Bhí sócúl an tsaoil ag Eleanor, mar sin féin, agus í ag fás aníos. Cailleadh a máthair leis an ''[[diftéire'']] nuair a bhí Eleanor 8 mbliana d’aois (cailleadh Elliott, Jr. den ghalar sin freisin an bhliain ina dhiaidh). Fuair a hathair bás dhá bhliain ina dhiaidh sin. Bhí seisean seo ag streachailt le [[alcólachas|fadhbanna óil]] le fada an lá agus bhí ''delirium tremens'' chomh dona sin air lá amháin gur léim sé trí fhuinneog san ospidéal ina raibh sé ag fanacht. D’éag sé go gairid ina dhiaidh sin. Cuireadh Eleanor agus Hall ansin chuig a seanmháthair, Marie Ludlow Hall (1843-1919), i Tivoli, Nua-Eabhrac. Sa bhliain 1898 chuaigh Eleanor a chónaí in Allenswood, scoil cailíní in aice le [[Londain]]. Chuaigh Marie Souvestre, stiúrthóir na scoile, go mór i bhfeidhm ar Eleanore idir fhorbairt éirime, chearta ban, theangacha (d’éirigh sí ardlíofa i [[An Fhraincis|Fhraincis]] agus mhúscailt a suime sa taisteal. Sa bhliain 1902, agus í ar ais i Nua-Eabhrac, rinne sí a céad iarrachtaí poiblí i measc uaisle na cathrach.
 
 
 
==Naisc sheachtracha==