An difríocht idir athruithe ar: "Eleanor Roosevelt"

Content deleted Content added
Líne 16:
cúirtéireachta léi agus bhí an lá leis. D’ainneoin máthair Franklin a bheith ina choinne, thug siad lámh is focal lena chéile i mí na Samhna, 1904. Phós siad ar Lá le Pádraig, 1905, ócáid mhór sna nuachtáin toisc uachtarán na tíre, Theodore Roosevelt, a bheith i láthair. Chuir an lánúin faoi i gCathair Nua-Eabhrac. Máthair Franklin, Sara, a ghléas an troscán sa teach. Ar dtús chuireadh máthair a céile a ladar isteach i ngach socrú sa teach agus ghlacadh Eleanor leis sin (ainneoin na bprionsabal a d’fhoghlaim sí ó Marie Souvestre), ach de réir a chéile d’éirigh léi a húdaras féin a bhaint amach sa teach. Nuair a toghadh Franklin mar sheanadóir stáit chuir siad fúthu in [[Albany, Nua-Eabhrac|Albany]], príomhchathair stát Nua-Eabhrac. Faoiseamh d’Eleanor ab é seo mar bhí sí ábalta éalu ó chur isteach Sara ina saol.
 
Nuair a ceapadh a fear céile mar leas-rúnaí an [[Cabhlach na Stát Aontaithe|Chabhlaigh]], lean sí é go [[Washington, D.C.]], ise i gcónaí ag déanamh de réir na ndualgas traidisiúnta a bhíodh ag bean a bhí pósta le duine poiblí. Sa bhliain 1919, fuair sí litreacha cumainn ón rúnaí aigesean i bpócaí a chóta, Lucy Rutherford. D’éiligh sí colscaradh uaidh ach dhiúltaigh Franklin a leithéid a dhéanamh, agus eisean ag iarraidh a shaol polaitiúil a choimeád slán sábháilte. Mar sin féin, d’éirigh an comhréitiú eatarthu ina mhargadh polaitiúil in áit an ghnáthchaidrimh phósta. <ref name="Kiejman">{{ouvrage|auteur=Claude-Catherine Kiejman|teideal=, ''Eléonore Roosevelt - First Lady et rebelle|éditeur='', Tallandier|date=,‎ 2012|pages, lch. totales=249|isbn=|lire en ligne=}}</ref>
 
Ina dhiaidh sin, rinne sí caidreamh dlúth le roinnt ban. Lorena Hickok, iriseoir, an duine ba shuntasaí díobh. Chaith siad a lán ama i gcuideachta lena chéile agus scríobh siad roinnt míle litreacha chun a chéile.