An difríocht idir athruithe ar: "Eleanor Roosevelt"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 16:
cúirtéireachta léi agus bhí an lá leis. D’ainneoin máthair Franklin a bheith ina choinne, thug siad lámh is focal lena chéile i mí na Samhna, 1904. Phós siad ar Lá le Pádraig, 1905, ócáid mhór sna nuachtáin toisc uachtarán na tíre, Theodore Roosevelt, a bheith i láthair. Chuir an lánúin faoi i gCathair Nua-Eabhrac. Máthair Franklin, Sara, a ghléas an troscán sa teach. Ar dtús chuireadh máthair a céile a ladar isteach i ngach socrú sa teach agus ghlacadh Eleanor leis sin (ainneoin na bprionsabal a d’fhoghlaim sí ó Marie Souvestre), ach de réir a chéile d’éirigh léi a húdaras féin a bhaint amach sa teach. Nuair a toghadh Franklin mar sheanadóir stáit chuir siad fúthu in [[Albany, Nua-Eabhrac|Albany]], príomhchathair stát Nua-Eabhrac. Faoiseamh d’Eleanor ab é seo mar bhí sí ábalta éalu ó chur isteach Sara ina saol.
 
Nuair a ceapadh a fear céile mar leas-rúnaí an [[Cabhlach na Stát Aontaithe|Chabhlaigh]], lean sí é go [[Washington, D.C.]], ise i gcónaí ag déanamh de réir na ndualgas traidisiúnta a bhíodh ag bean a bhí pósta le duine poiblí. Sa bhliain 1919, fuair sí cual litreacha cumainn ón rúnaí aigesean, Lucy Rutherford, inuair bpócaía bhí sí ag baint a chuid éadaigh as mála taistil. D’éiligh sí colscaradh uaidh ach dhiúltaigh Franklin a leithéid a dhéanamh, agus eisean ag iarraidh a shaol polaitiúil a choimeád slán sábháilte. Mar sin féin, d’éirigh an comhréitiú eatarthu ina mhargadh polaitiúil in áit an ghnáthchaidrimh phósta. <ref>Claude-Catherine Kiejman, ''Eléonore Roosevelt - First Lady et rebelle'', Tallandier,‎ 2012, lch. 249</ref>
 
Ina dhiaidh sin, rinnechuaigh Eleanor agus Franklin a mbealach féin. D'éirigh sise mór le gárda cosanta a tugadh di sa bhliain 1929, fear darbh ainm Earl. Rinne sí caidreamh dlúth le roinnt ban. Lorena Hickok, iriseoir, an duine ba shuntasaí díobh. Bhí a fhios ag cuid dá comhghleacaithe proifisiúnta gur leispiach í. Tar éis tamaill, d'éirigh "Hick" mar a thug Eleanor uirthi as a post agus thosaigh sí ag obair d'Eleanor. Chaith siad a lán ama i gcuideachta lena chéile agus scríobh siad roinnt míle litreacha chun a chéile sna blianta 1933 go 1962.<ref>Tina Gianoulis, Eleanor Roosevelt [archive], glbtq.com : An Encyclopaedia of Gay, Lesbian, Bisexual, Transgender and Queer Culture, 2004</ref> Dhóigh Hickok cuid díobh le príobháideachas Eleanor a chosaint. Scríobh Hickok roinnt alt faoi óige agus saol laethúil Eleanor, rud a chuidigh go mór lena híomhá a chruthú. Hickok a spreag Eleanor chun aistí rialta a scríobh sna páipéir nuachta.
 
==Bás==