An difríocht idir athruithe ar: "Boko Haram"

Content deleted Content added
Dmd3music (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 1:
Grúpa bunchreidmheach [[Ioslam|Ioslámach]] sa [[An Nigéir|Nigéir]], san [[An Afraic|Afraic]], is ea '''Boko Haram''' ([[Háisis]]: ''cosc ar an léann iasachta/neamh-Ioslámach''). Is é ainm foirmeálta an ghrúpa ná '''Jama'atu Ahlis Sunna Lidda'awati Wal-Jihad''', a chiallaíonn in [[Araibis]] "daoine a bhfuil sé mar dhualgas orthu teagasc an fháidh agus an jihad a chur chun cinn". Cuireadh an grúpa ar bun sa bhliain 2002 i gcathair [[Maiduguri]]. D'éirigh Boko Haram níos radacaí de réir a chéile agus thosaigh an grúpa ag baint úsáide as an bhfoiréigin sa bhliain 2009 le héirí amach príosúin. Chuir fórsaí slándála bunaitheoir agus ceannairí eile an ghrúpa chun báis ina dhiaidh sin. Fuair na mílte bás ó shin, 28,978 duine mar "mheastachán coimeádach" ón Council of Foreign Relations.<ref>[http://www.cfr.org/nigeria/nigeria-security-tracker/p29483 Nigeria Security Tracker, Council of Foreign Relations]</ref><ref name=enc>{{cite web|url=http://www.britannica.com/EBchecked/topic/1581959/Boko-Haram|teideal=Boko Haram|publisher=Encyclopaedia Britannica|accessdate=September 2014}} Encyclopaedia Britannica</ref> Tá eaglaisí Críostaí, fórsaí slándála an stáit, oifigí na [[Na Náisiúin Aontaithe|Náisiún Aontaithe]], oifigí nuachtán, ollscoileanna, stáisiúin, gnólachtaí fón soghluaiste agus eile ionsaithe acu, i dtuaisceart na Nigéire sa chuid is mó. Is sa chuid sin den tír a bhíonn an [[dlí Sharia]] i bhfeidhm agus tromlach na ndaoine ina nIoslámaigh.
 
 
Tá fear darb ainm Abubakar Shekau i gceannas ar Boko Haram ón mbliain 2009 i leith. Ar 22 Bealtaine 2014 d'ainmnigh na Náisiúin Aontaithe Boko Haram mar eagraíocht sceimhlitheoireachta.<ref>[http://www.un.org/press/en/2014/sc11410.doc.htm Preasráiteas de chuid na Náisiún Aontaithe, arna rochtain ar 7 Feabhra 2015]</ref>