An difríocht idir athruithe ar: "Eleanor Roosevelt"

Content deleted Content added
Bosca sonraí
Líne 1:
{{Bosca Sonraí Duine
[[Íomhá:Eleanor Roosevelt cph.3b16000.jpg|mion|Eleanor Roosevelt, 1932]]
| ainm = Eleanor Roosevelt
| íomhá =Eleanor Roosevelt with Fala 2.jpg{{!}}180px
| ceannteideal = Eleanor Roosevelt agus Fala, an Chéad-Mhadra
| dáta_breithe = [[11 Meán Fómhair]] [[1884]]
| áit_bhreithe = [[Nua-Eabhrac (cathair)|Cathair Nua-Eabhrac]], [[SAM]]
| dáta_báis = [[7 Samhain]] [[1960]]
| áit_bháis = Cathair Nua-Eabhrac, SAM
| ainm_cleite =
| náisiúntacht = [[SAM|Meiriceánach]]
| gairm = Polaiteoir, Céad-Bhean na Stát Aontaithe, Gníomhaí ar son Chearta Sibhialta
| seánra =
| duaiseanna = [[Duais ar son Cearta Daonna]] (NA, 1968),
| céile = [[Franklin D. Roosevelt]] (1905—1945, a bhás)
| síniú = Eleanor Roosevelt Signature-.svg‎
| líonláithreán =
}}
Polaiteoir, taidhleoir agus gníomhaí sóisialta [[SAM|Meiriceánach]] ab ea '''Anna Eleanor Roosevelt''' ([[11 Deireadh Fómhair]] [[1884]] – [[7 Samhain]] [[1962]]). Céad-Bhean na Stát Aontaithe a bhí inti ó Márta 1933 go hAibreán 1945, níos faide ná aon Chéad-Bhean eile i stair Mheiriceá. "Céad-Bhean an Domhain" a bhaist an t-uachtarán [[Harry S. Truman]] uirthi as ucht a saothar ar son cearta daonna. Rugadh agus cailleadh í i g[[Nua-Eabhrac (cathair)|Cathair Nua-Eabhrac]].
 
Line 17 ⟶ 33:
 
Nuair a ceapadh a fear céile mar leas-rúnaí an [[Cabhlach na Stát Aontaithe|Chabhlaigh]], lean sí é go [[Washington, D.C.]], ise i gcónaí ag déanamh de réir na ndualgas traidisiúnta a bhíodh ag bean a bhí pósta le duine poiblí. Sa bhliain 1919, fuair sí cual litreacha cumainn ón rúnaí aigesean, Lucy Rutherford, nuair a bhí sí ag baint a chuid éadaigh as mála taistil. D’éiligh sí colscaradh uaidh ach dhiúltaigh Franklin a leithéid a dhéanamh, agus eisean ag iarraidh a shaol polaitiúil a choimeád slán sábháilte. Mar sin féin, d’éirigh an comhréitiú eatarthu ina mhargadh polaitiúil in áit an ghnáthchaidrimh phósta. <ref>Claude-Catherine Kiejman, ''Eléonore Roosevelt - First Lady et rebelle'', Tallandier,‎ 2012, lch. 249</ref>
[[Íomhá:Eleanor Roosevelt cph.3b16000.jpg|mion|Eleanor Roosevelt, 1932]]
 
Ina dhiaidh sin, chuaigh Eleanor agus Franklin a mbealach féin. D'éirigh sise mór le gárda cosanta a tugadh di sa bhliain 1929, fear darbh ainm Earl Miller a mhúin di conas roinnt spórt a imirt. Rinne sí caidreamh dlúth le roinnt ban chomh maith. Lorena Hickok, iriseoir, an duine ba shuntasaí díobh. Bhí a fhios ag cuid de chomhghleacaithe proifisiúnta Hickok gur leispiach í. Tar éis tamaill, d'éirigh "Hick" (mar a thug Eleanor uirthi) as a post agus thosaigh sí ag obair d'Eleanor. Chaith siad a lán ama i gcuideachta lena chéile agus scríobh siad roinnt míle litreacha chun a chéile sna blianta 1933 go 1962.<ref>Tina Gianoulis, Eleanor Roosevelt [archive], glbtq.com : An Encyclopaedia of Gay, Lesbian, Bisexual, Transgender and Queer Culture, 2004</ref> Dhóigh Hickok cuid díobh le príobháideachas Eleanor a chosaint. Scríobh Hickok roinnt alt faoi óige agus saol laethúil Eleanor, rud a chuidigh go mór lena híomhá a chruthú. Hickok a spreag Eleanor chun aistí rialta a scríobh sna páipéir nuachta. Ní féidir a bheith lánchinnte a raibh caidreamh collaí ag Eleanor le haon duine díobh a d'éirigh sí mór leo, fiú i gcás Lorena Hickok.