An difríocht idir athruithe ar: "Eleanor Roosevelt"

Content deleted Content added
leabhair
Líne 39:
==A saol poiblí==
 
Nuair a bhuail an [[polaimiailíteas]] Franklin i mí Lúnasa 1921, thug sí aire an linbh dó agus rinne sí gach aon rud ar a shon. In ainneoin a chúthail agus a bhí sí, agus í ag leanúint chomhairle Louis McHenry Howe, labhair sí os comhair daoine/ar an ardán ina áit chun uaillmhianta polaitiúila Franklin a chur chun cinn, é seo in aghaidh thoil Sara, arbh fhearr go mór léi dá dtabharfadh a mac tinn faoi saol ciúin compórdach ar eastát de chuid an teaghlaigh ag mairieachtáil ar a oidhreacht. Mar ionadaí a fir chéile i bhfeachtais pholatiúla chuidigh sí leis an post mar ghobharnóir Nua-Eabhrac a bhaint amach sa bhliain 1928, agus ansin uachtaránacht na Stát Aontaithe sa bhliain 1933. Céad-Bhean na Stát Aontaithe a bhí inti ón 4ú lá mí na Márta, 1933, go dtí an 12ú lá mí Aibreáin, 1945. Bhí tionchar mór aici ar bheartas intíre a fir chéile agus é in oifig, mar atá cláracha sósialta an Bhirt Nua (''New Deal''), feabhsú ar stádas na mban, cearta sibhialta an phobail ghoirm, srl. Chuige sin uile rinne sí preasagallaimh, scríobh sí colúin do na nuachtáin faoin teideal ''My Day'' (1935–1962), agus labhair sí ar an [[radió]]. A bhuíochas leis an mbua a bhí ag Eleanor agus í ag baint feidhme as an meáin nua, mhéadaigh gnaoi na ndaoine ar an lánúin.
 
Bhí sé mar nós aici a comhairle féin a thabhairt faoi gach aon cheist, cosúil le haire gan chúram roinne i rialtas a fir chéile, rud a spreag míshuaimhneas ar a méid cumhachta, agus i ndiaidh 1940 go háirithe, tharraing sí aird an phreasa agus na scríbhneoirí grinn.
Ar cheisteanna idirnáisiúnta, bhí Eleanor ar son caidreamh taidhleoireachta a chur ar bun leis an Aontas Sóivéadach. Tháinig amhras uirthi i dtaobh na Sóivéadach, áfach, de bharr a chóngaraí agus a d'éirigh siad le Gearmáin na Naitsíoch sna 1930idí déanacha. Bhí Eleanor i bhfabhar na Stáit Aontaithe a bheith páirteach sa [[Dara Cogadh Domhanda]]. Ní raibh aon drogall uirthi cuairt a thabhairt ar na saighdiúirí ar bhéal an chatha. Sheas sí ar son cruthú scuadrún eitleoirí ar fhir ghorma iad, na Tuskegee Airmen, a ghlac páirt sa chogaíocht san Eoraip, agus rinne sí amhlaidh freisin i gcás cór píolótaí mná, rud a chuir roinnt mhaith ban in inmhe éirí ina bpíolótaí.
 
I Nua-Eabhrac, i ndiaidh an chogaidh, tháinig sí salach ar Tammanay Hall, an drong a raibh smacht orthu ar chuid mhaith den Pháirtí Daonlathach agus de rialtas Nua-Eabhrac. Cuireadh frith-Chaitliceachas ina leith. Ba de chúlra eitneach Caitliceach an drong úd, Éireannaigh cuid mhór díobh cé gurbh fhear den ainm Carmine De Sapio an duine i gceannas orthu go dtí deireadh a réime sa bhliain 1961, an bhliain a briseadh De Sapio as a phost sa ghrúpa. I mí Iúil na bliana 1949, chothaigh colún léi i gcoinne maoiniú Fheidearálaigh do na scoileanna Caitliceacha coimhlint idir í féin agus an Cairdinéal [[Francis Spellman]], ardeaspaig Chathair Nua-Eabhrac. D'éirigh seisean agus a lucht tacaíochta searbhasach; "frith-Chaitliceach" a thug sé uirthi. Níor thaitin a fear céile leo lena bheo ach oiread, agus nuair a sheas mac léi, Franklin Delano Roosevelt Jr., mar aturnae ginearálta an stáit sa bhliain 1954, throid lucht Tammanay Hall go tréan ina choinne.
 
==Bás==