An difríocht idir athruithe ar: "Aimsir (meitéareolaíocht)"

Content deleted Content added
aimsir -> '''aimsir''', {{stumpa}}, Rang:Eolaíocht
pictiúr nua ó na "commons"
Líne 1:
[[Image:Bluesky2.jpg|right|150px| ]]
Is éard is '''aimsir''' ann ná gach feiniméan a tharlaíonn in atmasféar plainéid. I gcás na Cruinne seo againne; áirítear an ghaoth, stoirmeacha, an bháisteach/an fhearthainn, an flichshneachta, clocha sneachta agus an sneachta féin mar mórtharlúintí aimsire, a tharlaíonn sa trópaisféar nó ag bun an atmaisféir. Is iad na héagsúlachtaí i bhfuinneamh na gréine is cionsiocair leis an aimsir. De bharr na n-uillinneacha éagsúla ag a mbuaileann gathanna na gréine an chruinne; is éagsúil dá réir a mhéad agus a théatar cearnaí an domhain. Gineann sé sin éagsúlachta teochta, as a n-eascraíonn gaotha an domhain chomh maith le gach cineál aimsire eile (go hindíreach). Is iad na cúiseanna díreacha don aimsir ná an teocht, an tais, brú atmaisféarach, scamallbhrat, luas na gaoithe agus airde an cheantair faoi leith. Is é an téamh athraitheach an tionchar is mó ar gach aon cheann acu seo, diomaite den airde.