An difríocht idir athruithe ar: "An Rómáinis"

969 bytes added ,  6 bliana ó shin
m (Removing Link FA template (handled by wikidata) - The interwiki article is not featured)
clib: Mobile edit Mobile app edit
 
Is léir go bhfuil an Dáca-Rómáinis féin roinnte ina canúintí éagsúla, cé nach bhfuil difríochtaí móra eatarthu. ''Grai'', nó ''graiul'' leis an alt deimhneach, an focal Rómáinise ar chanúint. Is í an deighilt is tábhachtaí ná an scoilt idir canúintí an tuaiscirt agus canúintí an deiscirt. Is iad ''graiul oltenesc'' agus ''graiul muntenesc'' na canúintí deisceartacha, an chanúint ''oltenesc'' á labhairt san iardheisceart (Oltenia, timpeall ar chathair Craiova) agus an chanúint ''muntenesc'' sa chuid is mó de dheisceart na tíre (an chuid is mó den chósta, abair, agus an chuid den tír timpeall na príomhchathrach). Is í an chanúint ''oltenesc'' a labhraítear sa Vóvaidín. Maidir leis na canúintí tuaisceartacha, labhraítear an chanúint "bănăţean" san iarthar, agus is í an chanúint ''ardelenesc'' canúint na Trasalváine. Timpeall ar chathair Baia Mare, tá réigiún Maramureş, an réigiún is faide thuaidh sa tír, agus canúint dá gcuid féin, ''graiul maramureşean'', ag muintir an réigiúin. Maidir leis an gcanúint a labhraítear sa Mholdóiv, ''graiul moldovenesc'', le fírinne is canúint mhór láidir í in Oirthear na Rómáine féin, agus bhí an-tionchar aici ar fhorbairt na teanga caighdeánaí sa Rómáin - cúis eile é sin le chomh drogallach a bhíonn na teangeolaithe stádas na teanga a ghéilleadh don Mholdóivis.
 
==Cá labhraítear Rómainis==
 
===Ceanada===
 
I 2011 bhí Rómainis an máthairtheanga do 90,300(0.3%) duine i g[[Ceanada]] suas ó 78,495(0.3%) duine i 2006.
 
===An Mholdóiv===
 
Is í Rómáinis an teanga oifigiúl sa [[Mholdóiv]]. Is í an máthairtheanga do timpeall ar 76% do daona an [[Mholdóiv]].
 
===An Rómáin===
 
Is í Rómainis an t-aon teanga oifigiúl sa [[Rómáin]] ag leibhéal náisiúnta. I 2002 bhí Rómainis an príomtheanga do 91% do daonra an [[Rómáin]].
 
===An tSeirbia (an Vóvaidín)===
 
Is teanga oifigiúl í an Rómáinis sa Vóvaidín . I 2002 bhí Rómainis an máthairtheanga do 29,512 (1.45%) duine sa [[Vóvaidín]].
 
===S.A.M.===
 
De réir an American Community Survey 2006-2010 bhí Rómáinis an príomtheanga do 149,309 duine i [[S.A.M.]].
 
===An Úcráin===
 
I 1993 bhí Rómáinis an máthairtheanga do 630,000 duine sa [[Úcráin]].
 
===An Ungáir===
 
Is teanga aitheanta mionlach í an Rómáinis san [[Ungáir]].
 
== An Dáicis ==
Úsáideoir gan ainm