[[File:Carl Van Vechten - William Faulkner.jpg|thumb|William Faulkner (1897-1962), sa bhliain 1954.]]
[[Scríbhneoir]] [[MeiriceánaighSAM|Meiriceánach]] ab ea '''William Cuthbert Faulkner''' ([[1897]] -– [[1962]]). Do rugadh é ar an 25ú lá de mhí Mheán Fómhair i [[New Albany]], cathair atá suite i [[Mississippi]] na [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|Stáit Aontaithe]], agus do fuair sé bás ar an 6ú lá d'Iúil i gcathair [[Byhalia]], sa stát céanna. Cé gur chum sé cuimse saothar - úrscéalta, gearrscéalta, dánta, aistí, scripteanna scannáin agus dráma amháin ina measc - is é de bharr a chuid úrscéalta agus gearrscéalta gur bhain sé clú agus cáil domhanda amach dó féin mar scríbhneoir. Is iad na húrscéalta ''[[The Sound and the Fury]]'' (1929), ''[[A I Lay Dying]]'' (1930), ''[[Light in August]]'' (1932), ''[[Absalom, Absalom!]]'' (1936) agus an gearrscéal [["A Rose for Emily"]] (1930) cúpla ceann desna saotharaibh is iomráití a scríobh sé. Do moladh [[Duais Nobel sa Litríocht]] dó sa bhliain 1949.