An difríocht idir athruithe ar: "Giorgos Seferis"

file agus taidhleoir Gréagach
Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Ba é Giorgos Seferis (Gréigis: Γιώργος Σεφέρης; Gaeilge: Seoirse Seferis) ainm cléite a bhíodh ag an bhfile Gréagach Geōrgios Seferiádēs (Γιώρ...'
(No difference)

Leagan ó 23:33, 4 Aibreán 2015

Ba é Giorgos Seferis (Gréigis: Γιώργος Σεφέρης; Gaeilge: Seoirse Seferis) ainm cléite a bhíodh ag an bhfile Gréagach Geōrgios Seferiádēs (Γιώργιος Σεφεριάδης), a mhair idir 1900 agus 1971.

Do rugadh é in Urla (Βουρλά) san Impireacht Otamánach, baile atá suite sa Thuirc sa lá atá inniu ann, ar an 13ú lá de Mhárta - nó an 29ú lá d'Fheabhra de réir an fhéilire Iúil, féilire a raibh fós in úsáid sa Ghréig ag an am san - agus do fuair sé bás ar an 20ú lá de Mheán Fómhair in Aithin (Αθήνα) na Gréige.

Duine desna filibh Gréagacha is tábhachtaí den 20ú haois is ea Seferis. Do moladh Duais Nobel sa Litríocht dó sa bhliain 1963. Ní raibh ach file amháin ann áfach, do bhí sé ina thaidhleoir leis agus ba eisean ambasadóir na Gréige chun na Ríochta Aontaithe idir 1957 agus 1962.