An difríocht idir athruithe ar: "Yasunari Kawabata"

Content deleted Content added
mNo edit summary
mNo edit summary
Líne 1:
[[File:Yasunari Kawabata c1932.jpg|thumb|290x290px|Yasunari Kawabata (1899-1972), thart ar 1932.]]
[[Úrscéal|Úrscéalaí]] agus [[Gearrscéal|gearrscéalaí]] [[Seapánaigh|Seapánach]] ab ea '''Yasunari Kawabata''' ([[An tSeapáinis|Seapáinis]]: 川端 康成/''Kawabata Yasunari''), a mhair idir [[1899]] agus [[1972]]. Do rugadh é ar an 14ú lá de Mheitheamh in [[Ósaca]] ([[An tSeapáinis|Seapáinis]]: 大阪/''Ōsaka'') na [[An tSeapáin|Seapáine]] agus do fuair sé bás ar an 16ú lá d'Aibreán i [[Zushi]] (Seapáinis: 逗子市/''Zushi-shi'') na Seapáine, cathair atá suite sa [[Maoracht Chanagamha|mhaoracht Chanagamha]] (Seapáinis: 神奈川県/''Kanagawa-ken'').
 
Meastar gurbh é Kawabata duine desna scríbhneoiribh Seapánacha is tábhachtaí den 20ú haois. Ba iad an áille, an t-uaigneas agus an bás príomhábhair a choda scríbhneoireachta. Cé gur scríobh sé cuimse gearrscéalta, is dóigh gurb iad ''[[Tír Sneachta (雪国/Yukiguni)|雪国/Yukiguni]]'' (1935-47; [[An Ghaeilge|Gaeilge]]: 'Tír sneachta'), ''[[Foghar den tsléibhe (山の音/Yama no Oto)|山の音/Yama no Oto]]'' (1949-54; Gaeilge: 'Foghar den tsléibhe') ''[[Tigh na n-Ainnireacha fé Shuan (眠れる美女/Nemereru Bijo)|眠れる美女/Nemereru Bijo]]'' (1961; 'Tigh na n-Ainnireacha fé Shuan') agus ''[[Áille agus Brón (美しさと哀しみと/Utsukushisa to kanashimi to)|美しさと哀しみと/Utsukushisa to kanashimi to]]'' (1964; Gaeilge: 'Áille agus Brón') na sárshaothair is iomráití dá chuid. Do moladh [[Duais Nobel sa Litríocht]] do Kawabata sa bhliain 1968.