An difríocht idir athruithe ar: "Eleanor Roosevelt"

Content deleted Content added
Líne 46:
 
I Nua-Eabhrac, i ndiaidh an chogaidh, tháinig sí salach ar Tammanay Hall, an drong a raibh smacht orthu ar chuid mhaith den Pháirtí Daonlathach agus de rialtas Nua-Eabhrac. Cuireadh frith-Chaitliceachas ina leith. Ba de chúlra eitneach Caitliceach an drong úd, Éireannaigh cuid mhór díobh cé gurbh fhear den ainm Carmine De Sapio an duine i gceannas orthu go dtí deireadh a réime sa bhliain 1961, an bhliain a briseadh De Sapio as a phost sa ghrúpa. I mí Iúil na bliana 1949, chothaigh colún léi i gcoinne maoiniú Fheidearálaigh do na scoileanna Caitliceacha coimhlint idir í féin agus an Cairdinéal [[Francis Spellman]], ardeaspaig Chathair Nua-Eabhrac. D'éirigh seisean agus a lucht tacaíochta searbhasach; "frith-Chaitliceach" a thug sé uirthi. Níor thaitin a fear céile leo lena bheo ach oiread, agus nuair a sheas mac léi, Franklin Delano Roosevelt Jr., mar aturnae ginearálta an stáit sa bhliain 1954, throid lucht Tammanay Hall go tréan ina choinne.
 
I mí na Nollag, 1945, cheap an tUachtarán [[Harry S. Truman]] Eleanor ina toscaire chuig Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe. I mí Aibreáin, 1946, d’éirigh sí ina cathaoirleach ar [[Coimisiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine|Choimisiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine]] agus an coimisiún sin á fhorbairt go fóill. D’fhan sí sa phost úd go dtí mí Eanáir na bliana 1947. Bhí ról tábhachtach aici (in éineacht le René Cassin, John Peters Humphrey agus daoine eile) i ndréachtú an Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine. Labhair Eleanor ina fhabhar in óráid a thug sí ar an 28ú lá Meán Fómhair, 1948. Dúirt sí gur “Magna Carta idirnáisiúnta do dhaoine i ngach uile áit” a bhí ann. Ghlac an Comhthionól Ginearálta leis an nDearbhú d’aon ghuth ar an 10ú lá de mhí na Nollag, 1948, ach le ocht vóta staonta: sé náisiún an Bhloic Shóivéadaigh, [[an Araib Shádach]], agus [[an Afraic Theas]].
 
==Bás==