An difríocht idir athruithe ar: "Hugo Chávez"

Content deleted Content added
Dexbot (plé | dréachtaí)
m Removing Link GA template (handled by wikidata)
Dmd3music (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 3:
|íomhá =Hugo Chavez photo cut 27-06-2008.jpg{{!}}200px
|teideal1 =Uachtarán Veiniséala
|dátaí1 =[[2 Feabhra]], [[1999]] - [[5 Márta]], [[2013]]
|réamhtheachtaí1 =[[Rafael Caldera]]
|comharba1 =[[Nicolás Maduro]]
Líne 12:
|céile =''(Colscartha)''
|}}
Bhí '''Hugo Rafael Chávez Frias''' ina uachtarán ar [[Veiniséala]]. Rugadh é ar [[28 Iúil]], [[1954]] - bhásaigh sé an [[5 Márta]], [[2013]], an dara mac ag beirt mhúinteoir, agus bhí sé ina oifigeach airm óna óige. Nuair a theip ar éirí amach míleata in aghaidh rialtas na tíre, ina ndearna Chávez agus oifigigh eile iarracht an [[Príomhchathair|phríomhchathair]] a ghabháil, cuireadh chun príosúin é ar feadh dhá bhliain. Bhunaigh sé "Gluaiseacht na Cúigiú Poblachta" (''MVR—Movimiento Quinta República''), i 1992. Toghadh é ina Uachtarán i 1998 mar gheall ar na geallúintí a thug sé go dtroidfeadh sé in aghaidh an bhochtanais agus na caimiléireachta. Ghnóthaigh sé 56% den vóta sa toghchán. Ó shin i leith tá feachtaisí oideachais agus sláinte ar bun aige chun '[[Réabhlóid Bolivarach]]' a chur ar bun agus tá iarrachtaí á ndéanamh aige chun comhghuallaíocht a bhunú idir tíortha [[Meiriceá Laidineach|Mheiriceá Laidineach]] agus neamhspleáchas a bhaint amach dóibh ó [[Stáit Aontaithe Mheiriceá]].
 
Tá meánaicmí agus uasaicmí Veiniséala an-naimhdeach i gcoinne Chávez, agus cuireann siad caimiléireacht toghcháin, sárú cearta daonna agus cos ar bolg ina leith. Rinneadh iarracht é a chur as oifig in [[éirí amach]] airm i 2002 le cabhair ón SAM, ach tháinig slua ollmhór amach ar na sráideanna ag tacú leis agus cuireadh ar ais in oifig é. Bhuaigh sé reifreann i 2004 a d'fhág i gceannas na tíre é. Rinne sé socrú le [[Cúba]] chun dochtúirí a fháil le dul i mbun seirbhísí leighis sna bruachbhailte bochta nuair a dhiúltaigh dochtúirí meánaicmeacha a thíre féin tacú lena scéimeanna, agus chuir sé ola saor ar fáil do réimeas [[Fidel Castro]] mar íocaíocht.