An difríocht idir athruithe ar: "Eleanor Roosevelt"

Content deleted Content added
→‎Bás: tagairt
No edit summary
Líne 35:
[[Íomhá:Eleanor Roosevelt cph.3b16000.jpg|mion|Eleanor Roosevelt, 1932]]
 
Ina dhiaidh sin, chuaigh Eleanor agus Franklin a mbealach féin. D'éirigh sise mór le gárda cosanta a tugadh di sa bhliain 1929, fear darbh ainm Earl Miller a mhúin di conas roinnt spórt a imirt. Rinne sí caidreamh dlúth le roinnt ban chomh maith. Lorena Hickok, iriseoir, an duine ba shuntasaí díobh. Bhí a fhios ag cuid de chomhghleacaithe proifisiúnta Hickok gur leispiach í. Tar éis tamaill, d'éirigh "Hick" (mar a thug Eleanor uirthi) as a post agus thosaigh sí ag obair d'Eleanor. Chaith siad a lán ama i gcuideachta lena chéile agus scríobh siad roinnt míle litreacha chun a chéile sna blianta 1933 go 1962.<ref>Tina Gianoulis, Eleanor Roosevelt [archive], glbtq.com : ''An Encyclopaedia of Gay, Lesbian, Bisexual, Transgender and Queer Culture'', 2004</ref> Dhóigh Hickok cuid díobh le príobháideachas Eleanor a chosaint. Scríobh Hickok roinnt alt faoi óige agus saol laethúil Eleanor, rud a chuidigh go mór lena híomhá a chruthú. Hickok a spreag Eleanor chun aistí rialta a scríobh sna páipéir nuachta. Ní féidir a bheith lánchinnte a raibh caidreamh collaí ag Eleanor le haon duine díobh ar éirigh sí mór leo, fiú i gcás Lorena Hickok.
 
==A saol poiblí==
Líne 45:
Ar cheisteanna idirnáisiúnta, bhí Eleanor ar son caidreamh taidhleoireachta a chur ar bun leis an Aontas Sóivéadach. Tháinig amhras uirthi i dtaobh na Sóivéadach, áfach, de bharr a chóngaraí agus a d'éirigh siad le Gearmáin na Naitsíoch sna 1930idí déanacha. Bhí Eleanor i bhfabhar na Stáit Aontaithe a bheith páirteach sa [[Dara Cogadh Domhanda]]. Ní raibh aon drogall uirthi cuairt a thabhairt ar na saighdiúirí ar bhéal an chatha. Sheas sí ar son cruthú scuadrún eitleoirí ar fhir ghorma iad, na Tuskegee Airmen, a ghlac páirt sa chogaíocht san Eoraip, agus rinne sí amhlaidh freisin i gcás cór píolótaí mná, rud a chuir roinnt mhaith ban in inmhe éirí ina bpíolótaí.
 
I Nua-Eabhrac, i ndiaidh an chogaidh, tháinig sí salach ar Tammanay Hall, an drong a raibh smacht orthu ar chuid mhaith den Pháirtí Daonlathach agus deden rialtas i Nua-Eabhrac, idir chathair agus stát. Cuireadh frith-Chaitliceachas ina leith. Ba de chúlra eitneach Caitliceach an drong úd, Éireannaigh cuid mhór díobh cé gurbh fhear den ainm Carmine De Sapio an duine i gceannas orthu go dtí deireadh a réime sa bhliain 1961, an bhliain a briseadh De Sapio as a phost sa ghrúpa de bharr feachtais fhada a chothaigh grúpa leasaithe, Eleanor ina measc. IRoimhe sin, i mí Iúil na bliana 1949, chothaigh colún léi i gcoinne maoiniú Fheidearálaigh do na scoileanna Caitliceacha coimhlint idir í féin agus an Cairdinéal [[Francis Spellman]], ardeaspaig Chathair Nua-Eabhrac. D'éirigh seisean agus a lucht tacaíochta searbhasach; "frith-Chaitliceach" a thug seisean uirthi freisin. Níor thaitin a fear céile leo lena bheo ach oiread, agus nuair a sheas mac léi, Franklin Delano Roosevelt Jr., mar aturnae ginearálta an stáit sa bhliain 1954, throid lucht Tammanay Hall go tréan ina choinne.<ref>Beasley, ''Eleanor Roosevelt Encyclopedia'', lch. 276.</ref>
 
[[Íomhá:EleanorRooseveltHumanRights.png|mion|Eleanor Roosevelt agus an leagan Spáinnise de Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine á choinneáil suas aici]]