An difríocht idir athruithe ar: "Francis Fukuyama"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'mion|Francis Fukuyama sa bhliain 2005 Fealsamh, eacnamaí agus eolaí polaitíochta Meiriceánach is ea '''Yoshihiro Franc...'
 
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Francis Fukuyama 2005.jpg|mion|Francis Fukuyama sa bhliain 2005]]
Fealsamh, eacnamaí agus eolaí polaitíochta [[SAM|Meiriceánach]] is ea '''Yoshihiro Francis Fukuyama''', a rugadh ar [[27 Deireadh Fómhair]] [[1952]] in [[Chicago]], [[Illinois]]. Tá tionchar sách mór aige ar dhioscúrsa polaitíochta an lae inniu, as a théis um “dheireadh na staire” go háirithe. Tá Fukuyama ina Chomhalta Sinsearach ag an Freeman Spogli Institute for International Studies ag Ollscoil Stanford faoi láthair. Is ball freisin é den Fhóram Idirnáisiúnta i gcomhair Léann Daonlathach de chuid na Dearlaice Náisiúnta i gcomhair Daonlathais. Bhíodh sé ina bhall de roinn na heolaíochta polaitíochta sa Rand Corporation.
 
==A Luathshaol==
 
Rugadh Francis Fukuyama i [[Hyde Park, Chicago|Hyde Park]], comharsanacht i Chicago. A sheanathair ar thaobh a athar, chuir sé faoi ar chósta thiar Mheiriceá i ndiaidh imeacht ón t[[An tSeapáin|Seapáin]] chun an Cogadh Rúis-Sheapánach a sheachaint. Rith sé siopa ansin go gcuireadh i gcampa é le linn an [[Dara Cogadh Domhanda]]. Oileadh athair Francis, Yoshio Fukuyama, mar ministéir san [[Eaglais Pobalda]]. Fuair sé dochtúireacht i [[socheolaíocht]] in [[Ollscoil Chicago]] agus mhúin sé cúrsaí creidimh. Rugadh a mháthair, Toshiko Kawata Fukuyama, in [[Kyoto]] na Seapáine. Iníon Shiro Kawata, a bhunaigh Roinn na hEacnamaíochta in [[Ollscoil Kyoto]] agus arbh é an chéad uachtarán ar Ollscoil Chathair Osaka. D'fhás Francis aníos in [[Manhattan]] agus é ina pháiste aonarach, gan chur amach ró-mhór aige ar chultúr na Seapáine agus gan an t[[Seapáinis]] a fhoghlaim. Chuaigh a thuismitheoirí a chónaí in [[State College, Pennsylvania|State Collge]], i b[[Pennsylvania]] sa bhliain 1967.
 
 
==Leabharliosta==
Line 13 ⟶ 18:
* ''The Origins of Political Order''. Profile Books, 2011. ISBN 978-1846682568
* ''Political Order and Political Decay: From the Industrial Revolution to the Globalization of Democracy''. Farrar, Straus and Giroux, 2014. ISBN 978-0-374-22735-7
 
==Aistí==
*"The End of History?" Samhradh, 1989
 
==Tagairtí==
{{reflist}}
 
 
<br>