An difríocht idir athruithe ar: "Francis Fukuyama"

Content deleted Content added
ag an leabharlann
mNo edit summary
Líne 15:
| líonláithreán = http://fukuyama.stanford.edu/
}}
Fealsamh, eacnamaí agus eolaí polaitíochta [[SAM|Meiriceánach]] is ea '''Yoshihiro Francis Fukuyama''', a rugadh ar [[27 Deireadh Fómhair]] [[1952]] in [[Chicago]], [[Illinois]]. Tá tionchar sách mór aige ar dhioscúrsa polaitíochta an lae inniu, as a théis um “dheireadh na staire” go háirithe. Tá Fukuyama ina Chomhalta Sinsearach ag an Freeman Spogli Institute for International Studies ag [[Ollscoil Stanford]] faoi láthair. Is ball freisin é den Fhóram Idirnáisiúnta i gcomhair Léann Daonlathach de chuid na Dearlaice Náisiúnta i gcomhair Daonlathais. Bhíodh sé ina bhall de roinn na heolaíochta polaitíochtapolaitiúla sa Rand Corporation.
 
==A Luathshaolluathshaol==
 
Rugadh Francis Fukuyama i [[Hyde Park, Chicago|Hyde Park]], comharsanacht i Chicago. A sheanathair ar thaobh a athar, chuir sé faoi ar chósta thiar Mheiriceá i ndiaidh imeacht ón t[[An tSeapáin|Seapáin]] chun an Cogadh Rúis-Sheapánach a sheachaint. Rith sé siopa ansin gur cuireadh i gcampa é le linn an [[Dara Cogadh Domhanda]]. Oileadh athair Francis, Yoshio Fukuyama, mar mhinistéir san [[Eaglais Phobalda]]. Fuair sé dochtúireacht i [[socheolaíocht]] in [[Ollscoil Chicago]] agus mhúin sé cúrsaí creidimh. Rugadh a mháthair, Toshiko Kawata Fukuyama, in [[Kyoto]] na Seapáine. Iníon Shiro Kawata, a bhunaigh Roinn na hEacnamaíochta in [[Ollscoil Kyoto]] agus arbh é an chéad uachtarán ar Ollscoil Chathair Osaka é. D'fhás Francis aníos in [[Manhattan]] agus é ina pháiste aonarach, gan chur amach ró-mhór aige ar chultúr na Seapáine agus gan an t[[Seapáinis]] a fhoghlaim. Chuaigh a thuismitheoirí a chónaí in [[State College, Pennsylvania|State College]], i b[[Pennsylvania]] sa bhliain 1967.