Content deleted Content added
Chaco (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 47:
 
Gan amhras, is fíor duit. Tá an formhór daoine ró-ghnóthach a bheith a chuir leis an tionscadal seo. Ach, ní fheadar má próifíl mhór ag Vicipéid na Gaeilge i measc pobal na Gaeilgeoirí? Bhfuil mic léinn nó daltaí scoile ag baint úsáid as? Nó an meáin Gaelach? Níor chuala mé trácht ar an dtionscadal seo ariamh sa mheáin. [[Úsáideoir:Chaco|Chaco]] 2 Bealtaine 2015 (UTC)
 
:Bhí mise fiosrach chomh maith agus tá cupla lá ó shin Ghoogláil mé "Vicipéid". Ar éigin a bhí aon rud nua ann. Tá Niels JL Iversen, an foghlaimeoir iontach teangacha úd sa Danmhairg ag foghlaim Gaeilge, agus tá sé ag baint úsáide as ailt ón Vicipéid. Nuair a luaigh duine Vicipéid na Gaeilge le cara linn a bhfuil ard-Ghaeilge aige, sin a dúirt sé ná "Tá feabhas ag teacht ar an Vicipéid, caithfidh mé a rá".
 
:Na fadhbanna atá againn, tá siad ag na meáin Ghaeilge uile nach mór: ba chóir go mbeadh níos mó léitheoirí ann, cinnte. Níl an fhadhb sin teorannta don Ghaeilge. Tá 160 milliún duine ag labhairt na Beangáilise, ach tá a Vicipéid acusan beagnach chomh beag lenár Vicipéid féin—36K alt nó mar sin. Léann siad an Béarla an iomarca. An bua atá againn maidir leis na mic léinn sna Gaelscoileanna ná go bhfuil gach rud scríofa i nGaeilge anseo agus ní gá dóibh dul i muinín foclóirí an oiread sin. Seachnaíonn Vicipéid sclábhaíocht aistriúcháin. Feicim comhartha anseo is ansiúd go bhfuil 'fhios ag roinnt mhaith daoine go bhfuilimid ann. Caithfidh go bhfuil corrdhuine ann nach bhfuil sásta le caighdeán na Gaeilge anseo, ach ní thuigeann siad cad is Vicí ann: Fáilte roimh chách, gan Ph.D. sa teanga riachtanach ná tógáil i gCarna ach oiread. Ar ndóigh, tá fáilte is céad rompu seo chomh maith! [[Úsáideoir:SeoMac|SeoMac]] ([[Plé úsáideora:SeoMac|talk]]) 18:03, 2 Bealtaine 2015 (UTC)