An difríocht idir athruithe ar: "Francis Fukuyama"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 23:
==Oideachas==
Bronnadh céim bhaitsiléara i gclasaicí air in [[Ollscoil Cornell]]. Rinne sé staidéar ansin ar an bhfealsúnacht pholaitiúil faoi Allan Bloom. Ina dhiaidh sin, thug sé aghaidh ar [[Ollscoil Yale]] mar ar rinne sé litríocht chomparáideach, sé mhí i b[[Páras]] faoi [[Roland Barthes]] agus [[Jacques Derrida]] i measc daoine eile, ach níor mhair a shuim san ábhar sin. D'aistrigh sé go h[[Ollscoil Harvard]] ansin agus rinne sé staidéar ar an eolaíocht pholaitiúil faoi Samuel P. Worthington agus Harvey Mansfield. Bronnadh Ph.D. san eolaíocht pholaitúil air in [[Ollscoil Harvard]] as a théis faoi bhagairtí Sóivéadacha sa [[Meánoirthear|Mheánoirthear]]. Sa bhliain 1979 chuaigh sé leis an RAND Corporation. Bhí baint aige leis an Telluride Association agus Ollscoil George Mason. Bhí sé ina ollamh agus ina stiúrthóir san Paul H. Nitze School of Advanced International Studies in [[Ollscoil Johns Hopkins]] i [[Washington, D.C.]] ar feadh 10 mbliana. Sa bhliain 2010 chuaigh sé le Stanford, i g[[California]].
 
==Deireadh leis an stair==
Tá cáil faoi leith ar Fukuyama de bharr a leabhar úd ''The End of History and the Last Man'' (1992), leabhar inar áitigh sé go bhfuil deireadh tagtha nach mór le gach troid idé-eolaíoch mar bhí bua ag an [[daonlathas]] liobrálach i ndiaidh deireadh an [[Cogadh Fuar|Chogaidh Fhuair]] agus titim Bhalla Bheirlín. Scríobh sé gur b’fhéidir go dtiocfadh stad le héabhlóid idé-eolaíoch an chine dhaonna, is é sin go mbeadh liobrálachas polaitiúil agus eacnamaíoch i réim i ngach áit sa todhchaí.
 
Cháin roinnt mhaith daoine an téis seo. Dúirt Ralf Dahrendorf gur thug aiste Fukuyama a 15 nóiméad de chlú do Fukuyama agus b’shin é. Mhol cuid smaointeoirí Fukuyama as, áfach. Dúirt Amitai Etzioni go raibh Fukuyama ar an dornán inlteachtóirí a maireodh a smaointe. An phríomhchúis le cáineadh na n-intleachtóirí, b’fhéidir, ná gur ionsaí a bhí in ''The End of History'' ar an [[iarnua-aoiseachas]] atá láidir san acadamh le blianta anus.
 
==Leabharliosta==