An difríocht idir athruithe ar: "Michel Tremblay"

Content deleted Content added
m robot Adding: fi:Michel Tremblay
No edit summary
Líne 1:
Drámadóir agus úrscéalaí a rugadh i [[Montréal]], Québec, [[Ceanada]] i [[1942]] is ea '''Michel Tremblay'''. Baineann a chuid saothair go dlúth le dúchas Québec agus baineann sé úsáid as béarlagar áitiúil, 'joual', teanga na sráide i Montréal. Ghnóthaigh sé aitheantas agus duaiseanna lena chéad dráma, ''Les Belles-Soeurs'', faoi mhná den aicme oibre. Thug an t-údar dúshlán na hEaglaise agus na bunaíochta sa dráma agus thug a shaothar spreagadh do ghluaiseacht an neamhspleáchais i Québec. Ina shaothar phróis (sa t-sraith Chroniques du Plateau Montreal)tugann sé léargas ar saol an mhionlaigh aeraigh i Montréal chomh maith, téama a thugann sé chun míntíreachais sna h-urscéalta Le Coeur Découvert agus Le Coeur Eclaté. Aistríodh drámaí go mórán teangacha agus léiríodh ar fud an domhain iad.
 
Thosaigh Tremblay ag obair mar chlódóir nuair a bhí sé cúig bliana déag d'aois, agus chaith sé tamall de bhlianta leis an obair sin agus na drámaí luatha á scríobh aige. Foilsíodh a chéad úrscéal Contes pour buveurs attardés i [[1966]]. Is iomaí gradam agus duais atá buaite aige ó shin.
 
[[Catagóir:Scríbhneoirí|Tremblay, Michel]]