An difríocht idir athruithe ar: "Jules Dumont d'Urville"

Content deleted Content added
mNo edit summary
mNo edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Dumont d'Urville00.jpg|mion|Jules Dumont d'Urville.]]
Ba thaiscéalaí [[An Fhrainc|Francach]] é Seach-Aimiréal '''Jules Sébastien César Dumont d'Urville''' ([[23 Bealtaine]] [[1790]], Condé-sur-Noireau – [[8 Bealtaine]] [[1842]], [[Meudon]]), a thaiscéal [[an tAigéan Ciúin]] deisceartach, [[an Astráil]], [[an Nua-Shéalainn]] agus [[Antartaice]].
 
== Saol ==
B'é d'Urville a tháinig ar an [[Venus de Milo]] le linn a thaiscéaladh go dtí na h[[Oileáin Gréagacha]] sa bhliain [[1820]]. Tá an dealbh le feiceáil inniu san [[Louvre]] i b[[Páras]]. Sheol sé timpeall an domhain i [[1822]] faoi cheannas an Chaptaein [[Louis Isidore Duperrey]], agus bhailigh sé a lán plandaí agus ainmhithe a thóg sé abhaile leis.
[[Íomhá:Dumont-d'Urville.web.jpg|clé|thumb|L'Astrolabe, long d'Urville ar [[6 Feabhra]], [[1838]].]]
 
Sa bhliain [[1826]] chuaigh sé go dtí an tAigéan Ciúin, agus scrúdaigh sé [[Nua-Ghuine Phapua|Nua-Ghuine]], an Nua-Shéalainn agus roinnt oileáin eile atá sa réigúin seo agus ar a dtugtar [[an Aigéine]] sa lá atá inniu ann. B'eisean a chum na téarmaí an Mhicrinéis agus an Mheilinéis i rith an turais sin. Chuaigh sé ar thuras go dtí Antartaice sa bhliain [[1837]], agus thug sé an t-ainm [[Cósta Adélie]] ar réigiún atá ansin, tar éis a bhean chéile. D'fhill d'Urville abhaile sa bhliain [[1840]], agus rinneadh seach-aimiréal de.
 
Cailleadh d'Urville agus a bhean chéile i dtimpiste iarnróid i Meudon na Fraince sa bhliain 1842. Tá sé curtha i Cimetière du Montparnasse, reilig i b[[Páras]]. Is measc na háiteanna a ainmníodh tar éis d'Urville tá an Mhuir d'Urville agus Oileán d'Urville san Antartaice, agus Cape d'Urville, Irian Jaya ([[an Indinéis|san Indinéis]], ar an oileán Nua-Ghuine), agus tOileán D'Urville sa Nua-Shéalainn.