An difríocht idir athruithe ar: "Eleanor Roosevelt"

Content deleted Content added
No edit summary
m lit.
Líne 18:
Polaiteoir, taidhleoir agus gníomhaí sóisialta [[SAM|Meiriceánach]] ab ea '''Anna Eleanor Roosevelt''' ([[11 Deireadh Fómhair]] [[1884]] – [[7 Samhain]] [[1962]]). Céad-Bhean na Stát Aontaithe a bhí inti ó Márta 1933 go hAibreán 1945, níos faide ná aon Chéad-Bhean eile i stair Mheiriceá. "Céad-Bhean an Domhain" a bhaist an t-uachtarán [[Harry S. Truman]] uirthi as ucht a saothar ar son cearta daonna. Rugadh agus cailleadh í i g[[Nua-Eabhrac (cathair)|Cathair Nua-Eabhrac]].
 
Ba de mhuintir Roosevelt agus Livingston í. Sa bhliain 1905 phós sí [[Franklin Delano Roosevelt]], duine a raibh gaol i bhfad amach aici leis. Rugadh seisear páistí dóibh. Neacht le [[Theodore Roosevelt]], 26ú h[[uachtarán na Stát Aontaithe|uachtarán]] [[Stáit Aontaithe Mheiriceá]], ab ea EleanoreEleanor freisin.
 
I ndiaidh an [[Dara Cogadh Domhanda]] agus Truman ina uachtarán ar na Stáit Aontaithe, bhí páirt shuntasach aici i gcruthú na [[Náisiúin Aontaithe|Náisiún Aontaithe]] (NA). Bhí sí sa chathaoir ar an gcoimisiún a dhreacht an [[Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine]].
Líne 25:
Rugadh Anna Eleanor Roosevelt i [[Manhattan]] do lánúin den uasaicme, Elliott Roosevelt (1860–1894) agus Anna Hall (1863–1892). Bhí beirt dheartháireacha aici, Elliott, Jr. agus Hall. chomh maith le leasdeartháir, Elliott Roosevelt Mann, arbh í Katy Mann, duine de shearbhóntaí an teaghlaigh, a mháthair. B’fhearr leis an iníon óg an dara hainm aici, Eleanor. “Granny” a thug a máthair mar leasainm uirthi as í a bheith chomh seanaimseartha agus a bhí sí. Níor thug a máthair an oiread sin ceana di ach oiread, agus mar gheall air sin shíl Eleanor go raibh sí féin gránna.
 
Bhí sócúl an tsaoil ag Eleanor, mar sin féin, agus í ag fás aníos. Cailleadh a máthair leis an [[diftéire]] nuair a bhí Eleanor 8 mbliana d’aois (cailleadh Elliott, Jr. den ghalar sin freisin an bhliain ina dhiaidh). Fuair a hathair bás dhá bhliain ina dhiaidh sin. Bhí seisean seo ag streachailt le [[alcólachas|fadhbanna óil]] le fada an lá agus bhí ''delirium tremens'' chomh dona sin air lá amháin gur léim sé trí fhuinneog san ospidéal ina raibh sé ag fanacht. D’éag sé go gairid ina dhiaidh sin. Cuireadh Eleanor agus Hall ansin chuig a seanmháthair, Marie Ludlow Hall (1843-1919), i Tivoli, Nua-Eabhrac. Sa bhliain 1898 chuaigh Eleanor a chónaí in Allenswood, scoil cailíní in aice le [[Londain]]. Chuaigh Marie Souvestre, stiúrthóir na scoile, go mór i bhfeidhm ar EleanoreEleanor idir fhorbairt éirime, chearta ban, theangacha (d’éirigh sí ardlíofa i [[An Fhraincis|Fhraincis]] agus mhúscailt a suime sa taisteal. Sa bhliain 1902, agus í ar ais i Nua-Eabhrac, rinne sí a céad iarrachtaí poiblí i measc uaisle na cathrach úd.
 
==Pósadh==