An difríocht idir athruithe ar: "Darach Ó Scolaí"

Content deleted Content added
mNo edit summary
No edit summary
Líne 7:
Léiríodh dhá dhráma stáitse leis an údar, ''[[Coinneáil Orainn]]'' (An Taibhdhearc 2005) agus ''[[An Braon Aníos]]'' (Salamandar 2006, 2007). [[Scannánaíocht|Scannánaíodh]] dhá ghearrdhráma eile leis, ''Cosa Nite'' (Rosg 1998) agus ''An Leabhar'' (Rosg 2000). Bhuaigh ''Coinneáil Orainn'' Duais Bhaitéir Uí Mhaicín agus an BBC NI Stewart Parker Award 2006. Tá scripteanna ''Coinneáil Orainn'' agus ''An Braon Aníos'' ar fáil ó Leabhar Breac, agus foilsíodh leagan próis de ''Cosa Nite'' (Rosg 2000).
 
Tá leabhair do léitheoirí óga scríofa freisin aige. Sa tsraith ''Scéalta Staire'' (Leabhar Breac) scríobh sé ''[[Gráinne Ní Mháille|Gráinne Mhaol Ní MáilleMháille]]'', ''Tadhg Dall Ó hUiginn'', ''Mánas Ó Dónaill'' agus ''Seán Ó Néill,'' agus d'fhoilsigh sé aistriúchán ar ''Treasure Island'' le [[Robert Louis Stevenson]], ''[[Oileán an Órchiste]]'' (Leabhar Breac, 2014)
 
Bhunaigh Darach Ó Scolaí an comhlacht foilsitheoireachta [[Leabhar Breac]] i 1995 in éineacht lena dheartháir, an clóghrafadóir, Caomhán Ó Scolaí. Is iad Leabhar Breac a d'fhoilsigh na húrscéalta le [[Liam Mac Cóil]], ''An Dochtúir Áthas'' (1995), ''An Claíomh Solais'' (2000), agus [[Fontenoy (úrscéal)|''Fontenoy'']] (2006), agus an t-úrscéal is deireanaí le [[Seán Mac Mathúna]], ''Hula Hul''.