An difríocht idir athruithe ar: "Geronimo"

Content deleted Content added
m robot Adding: pt:Geronimo
Naisc
Líne 1:
[[Íomhá:Geronimo (Goyathlay).gif|thumb|right|200px|Geronimo]]
Taoiseach clúiteach de chuid na n[[Apaisigh|Apaiseach]] ab ea é '''Geronimo''' ([[16 Meitheamh]], [[1829]] – [[17 Feabhra]], [[1909]]). ''Goyaałé'' ab ainm dó ina theanga dhúchais féin, mar atá, Apaisis Chiricahua, ach is ó na [[Meicsiceo|Meicsiceánaigh]] a fuair sé an leasainm. Rugadh ar an 16ú lá de Mhí an [[Meitheamh|Mheithimh]] sa bhliain [[1829]] é, agus fuair sé bás ar an 17ú lá de Mhí [[Feabhra]] sa bhliain [[1909]]. Ar dtús, bhí cónaí air chois Turkey Creek i [[Nua-Mheicsiceo]] an lae inniu. Bhí sé ina lia sí i measc a mhuintire, ach san am céanna, bhíodh sé go minic ag cur cogaidh ar na Meicsiceánaigh. Mharaigh saighdiúirí Meicsiceánacha a bhean chéile agus a thriúr clainne sa bhliain [[1858]], agus ón lá sin i leith, bhí fuath na ndaol aige ar na Meicsiceánaigh. Nuair a shealbhaigh na [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|Stáit Aontaithe]] na críocha seo sna [[1840í|1840idí]], thosaigh Geronimo ag cur cogaidh ar na "saighdiúirí gorma" freisin. Na héachtaí a d'éirigh leis agus é ag dul sa seans ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar na saighdiúírí Meiriceánacha, thabhaigh siad clú agus cáil dó i measc a chuid námhad féin. Sa deireadh thiar thall, ghéill Geronimo agus an t-ochtar duine déag is fiche a bhí á thionlacan, ghéill siad iad féin d'fhórsaí an Ghinearáil Nelson A. Miles ar an 4ú lá de Mhí Mheán Fómhair sa bhliain [[1886]] ag Skeleton Canyon in [[Arizona]].
 
Ina dhiaidh sin, cimíodh Geronimo, agus chaith sé an chéad chuid dá théarma braighdeanais i bh[[Florida]]. Ocht mbliana ní ba deireanaí, cuireadh go dtí príosún eile in [[Oklahoma]] é. Ina sheanfhear dó, bhí sé ina ábhar adhnua ag féilte agus ag ócáidí poiblí. Fuair sé bás le niúmóine i bhFort Sill in [[Oklahoma]], áit ar hadhlacadh é. Ní bhfuair sé cead riamh filleadh abhaile go dtí Nua-Mheicsiceo.
 
{{stumpa}}