An difríocht idir athruithe ar: "Ollscoil Göttingen"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le '{{Bosca Sonraí Ollscoile |ainm = Ollscoil Göttingen |ainm_dúchasach = Universität Göttingen |ainm_na_híomhá = Göttingen Aula May0...'
 
No edit summary
Líne 19:
}}
 
Is ollscoil í an '''Georg-August-Universität Göttingen''' nó '''Ollscoil Göttingen''', atá suite i m[[Göttingen (cathair)|Göttingen]] sa Ghearmáin. Bunaíodh an ollscoil ag [[Seoirse II na Breataine Móire|Georg August]], (''George Augustus'' as Béarla) [[Toghthóir]] [[Hanover]] (''Kurfürst von Hannover'') san [[Impireacht Naofa Rómhánach]] agus [[An Bhreatain Mhór|Rí na Breataine Móire]], sa bhliain [[1734]]. Tá Ollscoil Göttingen ar cheann de na hollscoileanna is mó sa Ghearmáin agus tá thart ar 29,000 mac léinn ag freastal uirthi sa lá atá inniu ann.
 
Bhí daoine cáiliúla ina [[Ollamh]] le h[[eolaíocht]], le [[matamaitic|mhatamaitic]], agus réimse eile san ollscoil i nGöttingen, mar shampla an matamaiticeoir [[Carl Friedrich Gauss]], an [[Teangeolaíocht|teangeolaí]] [[Jacob Grimm]], an [[Ceimic|ceimicí]] fisiciúil [[Walther Hermann Nernst|Walther Nernst]], an matamaiticeoir [[David Hilbert]], an [[fisiceoir]] [[Max Planck]] agus go leor eile.