An difríocht idir athruithe ar: "Aerghrianghrafadóireacht"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Defense.gov News Photo 990515-O-9999M-005.jpg|mion|Eiseamlár d'aerghrianghrafadóir- eacht mhíleata: suíomh diúracáin thalamh-aerdromchla go haer i ndiaidh a bhuamála sa t[[Seirbia]], 1999]]
Is é atá i gceist le h'''aerghrianghrafadóireacht''' ná [[grianghrafadóireacht]] [[Dromchla|dhromchla]] [[An Domhan|an Domhain]] ó bhalún nó [[aerárthach]], le feidhmeanna san [[éiceolaíocht]], an [[Geolaíocht|gheolaíocht]], an [[Seandálaíocht|tseandálaíocht]], agus an taiscéalaíocht mhíleata in aimsir cogaidh. In aerchairteoireacht suirbhéireachta, éitlíonn an t-[[eitleán]] ag airde thairiseach faoi luas tairiseach ar feadh línte comhthreomhara, ag tógáil pictiúr ag achair rialta. Nuair a réalaítear na grianghrafanna, is féidir iad a léiriú taobh le chéile ina n-ollphictiúr mósáice den tírdhreach. Is féidir imlínte na talún agus airdí [[foirgneamh]] a dhéanamh amach trí léirithe steiréascópacha de na híomhánna.